Residential Zoned Land Tax Annual Draft Map 2026

Oscailte1 Fea, 2025, 00:01 - 1 Aib, 2025, 23:59

Primary tabs

Dréacht-Léarscáil Bhliantúil Cánach Talún Criosaithe Cónaithe

Mhol ithíocht do Chách – Plean Tithíochta Nua d’Éirinn an Rialtas cáin nua chun talamh folamh a ghníomhachtú chun críocha cónaithe mar chuid den Chonair chun Soláthar Tithíochta Nua a Mhéadú.

Tugadh an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Cónaithe isteach san Acht Airgeadais 2021. Tá an próiseas chun talamh lena mbaineann an cháin a shainaithint ar siúl agus beidh an cháin dlite ó mhí Feabhra 2025 agus iníoctha ón 23 Bealtaine 2025.

Tá sé mar aidhm ag an gcáin talamh atá seirbhísithe agus criosaithe a ghníomhachtú le haghaidh úsáid chónaithe nó úsáid mheasctha. Déantar é sin chun an soláthar tithíochta a mhéadú agus chun talamh uirbeach atá folamh, díomhaoin a athbheochan. Sainaithníodh na suíomhanna sin laistigh de phleananna reachtúla úsáide talún mar shuíomhanna cuí le haghaidh tithíochta agus bhain siad tairbhe as infheistíocht sna príomhsheirbhísí chun tacú le tithíocht a sheachadadh. 

Tá dhá chuid ag an bpróiseas CTCC:

  1. An talamh a shainaithint agus a mhapáil de réir raon feidhme don cháin. Déanann údaráis áitiúla é sin trí dhréacht-léarscáileanna bliantúla agus léarscáileanna deiridh bliantúla a fhoilsiú — féach thíos.
  2. An cháin a riar. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é sin.

Sainaithnítear sa léarscáil deiridh don bhliain 2025, a fhoilseofar faoin 31 Eanáir 2025, talamh a fhéadfaidh a bheith faoi dhliteanas i leith na cánach in 2025. Féadfaidh úinéirí na talún sin iarraidh a dhéanamh chuig Comhairle Contae Chiarraí maidir le criosú na talún a athrú go dtí an 1 Aibreán 2025. Má chomhlíontar coinníollacha áirithe, féadfaidh úinéir talún a bheith díolmhaithe ó dhliteanas 2025 ar scór iarraidh den sórt sin. Cliceáil anseo chun níos mó mionsonraí a fheiceáil.

Sainaithnítear sa dréacht-léarscáil don bhliain 2026, a fhoilseofar faoin 1 Feabhra 2025, talamh a fhéadfaidh a bheith faoi dhliteanas i leith na cánach in 2026. Féadfaidh úinéirí na talún sin - agus tríú páirtithe leasmhara - aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh a chur san áireamh ar an dréacht-léarscáil sin - ní mór na haighneachtaí sin a dhéanamh faoin 1 Aibreán 2025. Cliceáil anseo chun níos mó mionsonraí a fheiceáil.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil réadmhaoine cónaithe faoi réir CTCC má tá siad faoi réir Cáin Mhaoine Áitiúil, cé go bhfuil siad san áireamh ar na léarscáileanna sin. Ní gá iarraidh i leith athchriosaithe nó aighneacht a dhéanamh chun an cineál réadmhaoine cónaithe sin a bhaint den léarscáil.

Sainaithint talún atá faoi dhliteanas CTCC in 2026

D’ullmhaigh Comhairle Contae Chiarraí dréacht-léarscáil bhliantúil don bhliain 2026, lena sainaithnítear an talamh a mheastar a bheith sa raon feidhme don CTCC amhail an 1 Eanáir 2025.

Tá an dréacht-léarscáil bhliantúil ar fáil anseo agus is féidir iad a fheiceáil ag na láithreacha seo a leanas, Áras an Chontae, Trá Lí, Oifig Cheantar Bardasach Chill Áirne, Oifig Cheantar Bardasach Lios Tuathail, agus ag gach leabharlann poiblí i gCiarraí.

Féadfaidh aon phearsana nó páirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh ar an dréacht-léarscáil bhliantúil. Pléitear leis seo ar bhealach níos mionsonraithe thíos.

Tabhair faoi deara, le do thoil, cé go bhfuil siad san áireamh ar an léarscáil, nach bhfuil maoin chónaithe faoi réir CTCC má tá siad faoi réir Cáin Mhaoine Áitiúil. Ní gá aighneacht a dhéanamh chun an cineál seo maoine cónaithe a bhaint den léarscáil.

Áireofar talamh atá ar na dréacht-léarscáileanna bliantúla, agus aighneachtaí á gcur san áireamh, ar an léarscáil deiridh bhliantúil de thalamh atá sa raon feidhme le haghaidh na cánach i limistéar an údaráis áitiúil. Foilseofar an léarscáil sin ar an 31 Eanáir 2026. Féadfaidh an talamh sin a bheith faoi réir na cánach in 2026, mura maoin chónaithe í atá faoi réir na Cánach Maoine Áitiúil nó má cháilíonn sí le haghaidh díolúintí eile, mar a fhoráiltear sa reachtaíocht.

Áirítear ar léarscáil CTCC mar atá ullmhaithe agus foilsithe ag na húdaráis áitiúla tailte a chomhlíonann na critéir ábhartha le bheith ar an léarscáil mar atá leagtha amach sa reachtaíocht.

Is faoi na Coimisinéirí Ioncaim atá sé an CTCC a riar. 

Is féidir teacht ar an reachtaíocht atá mar bhuntaca leis an CTCC ag Cuid 22A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997. Is féidir treoir maidir le riarachán na cánach a fháil anseo.

Tá treoir foilsithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis an gCáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe. Tá sé mar aidhm aici cabhrú le húdaráis phleanála na léarscáileanna a fhoilsiú. Is féidir í a fheiceáil anseo.

Is féidir leat freagraí a fháil ar roinnt ceisteanna coitianta faoin CTCC agus conas aighneacht a dhéanamh anseo.

Aighneacht a dhéanamh ar an dréacht-léarscáil bhliantúil don bhliain 2026

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh faoin 1 Aibreán 2025 chun:

  • Talamh breise a shainaithint a fhéadfaidh a bheith faoi raon feidhme, ach nach bhfuil san áireamh sa dréacht-léarscáil bhliantúil don bhliain 2026;
  • Dúshlán a thabhairt maidir le talamh atá san áireamh ar an léarscáil má mheasann an t-úinéir nach gcomhlíonann an talamh na critéir a chinneann an talamh sa raon feidhme;
  • Dúshlán an dáta óna meastar go bhfuil an talamh sa raon feidhme a thabhairt; agus/nó
  • Tacú leis an eisiamh atá molta dá gcuid talún.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach mór an suíomh a shainaithint go soiléir san aighneacht agus breac-chuntas a thabhairt ar an athrú (i.e. eisiamh talún ar léarscáil an údaráis áitiúil, an dáta ar ar chomhlíon an suíomh na critéir le cur san áireamh ar an léarscáil den chéad uair, nó tacaíocht don eisiamh molta talún ón léarscáil) ar mhapáil na Cánach ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe atá á lorg agat, chomh maith le bonn cirt a thabhairt don athrú atá á lorg. Caithfidh tú na critéir atá leagtha amach in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 a lua san aighneacht ar a bhfuil tú ag brath i d’aighneacht don talamh a bheith sa raon feidhme nó lasmuigh den raon feidhme. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar d’aighneacht, féadfaidh an t-údarás áitiúil faisnéis bhreise a iarraidh, amhail cruthúnas ar úinéireacht.

Aighneachtaí ó úinéirí talún

Má tá aighneacht á déanamh agat maidir le talamh atá faoi úinéireacht agat nó thar ceann úinéir na talún, tabhair an méid seo a leanas faoi deara:

  • Ní mór d’ainm agus do sheoladh a bheith san áireamh san aighneacht.
  • Ní mór léarscáil ón tSuirbhéireacht Ordanáis a bheith in éineacht le haighneachtaí ó úinéir talún maidir lena thalamh féin, ar a dtaispeántar an mhaoin ar scála cuí, 1:1000 (ceantair uirbeacha) nó 1:2500 (limistéir thuaithe) atá oiriúnach chun an talamh atá i gceist a aithint. Tabhair faoi deara go bhféadfaidh an t-údarás áitiúil cruthúnas ar úinéireacht láithreáin a iarraidh.
  • Má tá do thalamh ar an léarscáil, b’fhéidir gur mhaith leat aird an údaráis áitiúil a tharraingt ar ábhair a léiríonn nach bhfuil an talamh faoi raon feidhme na cánach, nó nach bhfuil an dáta a measadh an talamh a bheith faoi raon feidhme ceart agus gur chóir é a athrú. 
  • Tagairt do chritéir in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 – ba chóir d’aon aighneacht iad seo a tharchur mar aon le fianaise le breithniú ag an údarás áitiúil chun tacú le haon éilimh maidir le cineál seirbhísithe na talún nó aon eisiamh ba chóir a chur i bhfeidhm. Ní mór tagairt a dhéanamh do na critéir sin freisin má fhéachann an t-iarratas le talamh breise a chur san áireamh ar an léarscáil.
  • Ba cheart go leagfaí amach sa taisceadh aon bhonn cirt le talamh a áireamh nó a eisiamh, maidir leis na critéir sa reachtaíocht.

Aighneachtaí ó Thríú Páirtí

Má tá aighneacht á déanamh agat faoi thalamh nach bhfuil tú i d’úinéir, is aighnitheoir tríú páirtí thú. Ní féidir le tríú páirtithe aighneacht a dhéanamh maidir le criosú.

Ba cheart duit na nithe seo a leanas a chur san áireamh i d’aighneacht:

  • D'ainm agus do sheoladh
  • Eolas chun an talamh a aithint - cur síos scríofa, Éirchód nó léarscáil leis an limistéar atá leagtha amach. Sa chás nach féidir leis an údarás áitiúil an talamh a aithint b’fhéidir nach mbeidh siad in ann an aighneacht a chur san áireamh.
  • Maidir le talamh ar an léarscáil, b’fhéidir gur mhaith leat aird an údaráis áitiúil a tharraingt ar nithe a léiríonn nach bhfuil an talamh ag teacht leis an gcáin, nó nach bhfuil an dáta a measadh go raibh an talamh faoi raon feidhme ceart agus gur chóir é a athrú. 
  • Tagairt do chritéir in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 – ba chóir d’aon aighneacht iad seo a tharchur mar aon le fianaise le breithniú ag an údarás áitiúil chun tacú le haon éilimh maidir le cineál seirbhísithe na talún nó aon eisiamh ba chóir a chur i bhfeidhm. Ní mór tagairt a dhéanamh do na critéir sin freisin má fhéachann an t-iarratas le talamh breise a chur san áireamh ar an léarscáil.
  • Ba cheart go leagfaí amach sa taisceadh aon bhonn cirt le talamh a áireamh nó a eisiamh, maidir leis na critéir sa reachtaíocht.

Cén fhormáid inar cheart an aighneacht a dhéanamh?

Féadfar aighneachtaí a chur in iúl:

Ar Líne

Anso i gcruth leictreonach ar an suíomh idirlín tiomanta ag https://consult.kerrycoco.ie/ ach an fheidhm 'Aighneacht a Dhéanamh' a roghnú. 

I scríbhinn

Seol i scríbhinn chuig: RZLT, An tAonad Pleanála Beartas, Comhairle Contae Chiarraí, Ráth Teas, Trá Lí, Co. Chiarraí, V92H7VT.

Níor mhór aighneachtaí scríofa a mharcáil go soiléir mar Cánach Talún Criosaithe Cónaithe’.

Dein an aighneacht led thoil trí mheán amháin, sin cóip cruaidh nó trín suíomh idirlín.  Ní ghlacfar le haighneachtaí trí r-phost.

Maidir le haon aighneacht a dhéanamh, bíodh sé ag an úinéir talún nó ag tríú páirtí, tabhair an méid seo a leanas faoi deara:   

  • Faightear na eolas pearsanta (sonraí) a bhailítear le linn an phróisis chomhairliúcháin d’fhonn aighneachtaí a fháil agus déileáil leo.
  • Féadfar sonraí teagmhála a chuirtear ar fáil a úsáid chun teagmháil a dhéanamh le haighnitheoir a mhaíonn gurb é/í an t-úinéir talún láithreáin ar leith é/í. Is éard a bheidh i gceist leis sin ná fianaise a iarraidh de réir mar is gá chun a n-úinéireacht ar an láithreán a chruthú, nó tuilleadh faisnéise a iarraidh ón úinéir talún.
  • Féadfaidh údarás áitiúil, i gcás ina measann sé gur gá sin chun an cinneadh a dhéanamh, tuilleadh faisnéise a iarraidh ar Uisce Éireann, ar an Údarás um Bóithre Náisiúnta nó ar dhuine dá dtagraítear in airteagal 28 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001.
  • Sainaithin aon chuid de d’aighneacht ina bhfuil sonraí pearsanta nó sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus nach mian leat a fhoilsiú. 

Cad a Tharlaíonn Ansin

Déanfar gach aighneacht scríofa a mheas. Déanfaidh Comhairle Contae Chiarraí cinneadh i scríbhinn maidir le haighneachtaí ó úinéirí talún. I measc na bpríomhchéimeanna a ghlacfaidh Comhairle Contae Chiarraí sula bhfoilseofar an léarscáil bhliantúil deiridh, tá na nithe seo a leanas, ach níl siad teoranta dóibh.

Dréacht-Léarscáil Bhliantúil 2026

  • Foilseofar aighneachtaí a gheofar maidir leis an dréacht-léarscáil bhliantúil ar shuíomh gréasáin na n-údarás áitiúil faoin 11 Aibreán 2024 (nóta: déantar sonraí pearsanta, i.e. ainm, seoladh an aighnitheora agus sonraí teagmhála an aighnitheora, a fholú, ach foilsítear suíomh na dtailte lena mbaineann an aighneacht mar aon le forais na haighneachta).
  • I gcás ina n-iarrann úinéir talún go n-eisiafaí a láithreán ón dréacht-léarscáil bhliantúil ar an mbonn nach gcomhlíonann sé na critéir maidir le bheith faoi raon feidhme, nó i gcás ina ndéanann sé agóid i gcoinne an dáta óna gcomhlíonann talamh ar an léarscáil na critéir sin, ní mór don údarás áitiúil fógra a thabhairt don úinéir maidir lena chinneadh tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2024.
  • Ní mór don úinéir talún achomharc ar chinneadh an údaráis áitiúil maidir le haighneacht úinéir talún ar an dréacht-léarscáil bhliantúil a thaisceadh leis an mBord Pleanála faoin 1 Lúnasa 2024.
  • Déanann an t-údarás áitiúil breithniú ar aighneachtaí maidir le hathchriosú.  Tá cinneadh maidir le dul chun cinn a dhéanamh maidir le hathrú atá beartaithe ar an bplean reachtúil úsáide talún le cur in iúl i scríbhinn don úinéir talún ábhartha faoin 31 Iúil 2024.  Níl aon achomharc maidir le hiarratais athchriosaithe chuig an mBord Pleanála.

Sa chás ina n-iarrtar láithreán a chur leis an dréacht-léarscáil agus go measann an t-údarás áitiúil go sásaíonn an láithreán sin na critéir ábhartha, sainaithneofar é ar an gcéad dréacht-léarscáil bhliantúil eile, a fhoilseoidh an t-údarás áitiúil ar an 1 Feabhra dár gcionn.

An féidir liom achomharc a dhéanamh ar chinneadh ón údarás áitiúil?

Tá go dtí an 1 Lúnasa 2025 ag úinéir talún achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an údaráis áitiúil maidir le haighneachtaí. Féadfar achomhairc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála i leith láithreán a eisiamh ón dréacht-léarscáil bhliantúil don bhliain 2026 ar an mbonn nach gcomhlíonann sé na critéir maidir le bheith sa raon feidhme, nó ar an mbonn go gceistítear an dáta ónar chomhlíon an talamh ar an léarscáil na critéir sin. Ní mór achomhairc a dhéanamh i scríbhinn ina leagtar amach forais an achomhairc. Níl aon fhorálacha ann do thríú páirtí achomharc a dhéanamh i gcoinne chinneadh an údaráis áitiúil talamh a choinneáil nó a bhaint de dhréacht-léarscáil bhliantúil.

Iarraidh ar athchriosú a dhéanamh ar léarscáil deiridh don bhliain 2025 (foilsithe ar an 31 Eanáir)

Rinneadh foráil bhreise san Acht Airgeadais 2024, a éascaigh babhta eile d’iarrataí ar athchriosú chun talamh a eisiamh ó dhliteanas i leith na cánach. Ní féidir iarrataí ar athchriosú a dhéanamh ach amháin ar thalamh a shainaithnítear ar an léarscáil deiridh bhliantúil don bhliain 2025, arna foilsiú an 31 Eanáir 2025. Ní dhéanfar breithniú ar iarrataí ar athchriosú do thalamh eile.

Déanann an t-údarás áitiúil aighneachtaí ina n-iarrtar athrú ar chriosú a bhreithniú. Ní mór an iarraidh ar athchriosú a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ábhartha idir an 1 Feabhra agus an 1 Aibreán 2025.

  • Eiseofar litir admhála um iarraidh ar athchriosú ina mbeidh mionsonraí faoi stair phleanála na talún le déanaí ón údarás áitiúil chuig an úinéir talún faoin 30 Aibreán.
  • Cuirfidh an t-údarás áitiúil a chinneadh in iúl i scríbhinn don úinéir talún faoin 30 Meitheamh 2025 cé acu a chuirfear athrú beartaithe ar an bplean reachtúil úsáide talún chun cinn.
  • Ní féidir achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála in aghaidh cinntí ar iarrataí ar athchriosú.

Is féidir an litir admhála um iarraidh ar athchriosú a úsáid chun tacú le héileamh ar dhíolúine ón gcáin don bhliain 2025. Ní mór an t-éileamh sin a dhéanamh i dtuairisceán bliantúil 2025, nach mór a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar an 23 Bealtaine 2025 nó roimhe sin.

Cliceáil anseo le do thoil chun léarscáil deiridh 2025 arna foilsiú ar an 31 Eanáir a fheiceáil.

Iarrataí Úinéirí Talún ar Athchriosú

Má tá iarratas ar athchriosú á dhéanamh agat maidir le do thalamh féin nó thar ceann úinéir talún, tabhair faoi deara an méid seo a leanas:

  • Ní mór d’ainm agus do sheoladh a bheith san áireamh san aighneacht.
  • Ní mór léarscáil Suirbhéireachta Ordanáis ina dtaispeántar an réadmhaoin ar scála cuí, 1:1000 (ceantair uirbeacha) nó 1:2500 (ceantair thuaithe) atá oiriúnach chun an talamh atá i gceist a shainaithint a bheith in éineacht le haighneachtaí. Tabhair faoi deara go bhféadfaidh an t-údarás áitiúil cruthúnas ar úinéireacht láithreáin a iarraidh.
  • Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir aighneacht ina n-iarrtar athrú ar chriosú a dhéanamh ach amháin maidir le talamh atá ar an léarscáil deiridh don bhliain 2025 cheana féin, arna foilsiú ar an 31 Eanáir 2025.
  • Sa chás go n-iarrtar athrú ar chriosú úsáide talún, ní mór go bhfaighfear an aighneacht ar an 1 Aibreán nó roimhe sin.
  • Ba cheart don úinéir talún a leagan amach cén fáth a bhfuil an t-athrú criosaithe chun leas phleanáil cheart agus fhorbairt inbhuanaithe an cheantair, chomh maith le haon chúinsí eile, amhail an fonn atá air/uirthi leanúint ar aghaidh le gníomhaíocht eacnamaíoch leanúnach, ar mian leis/léi aird an údaráis áitiúil a tharraingt uirthi. Ba cheart aon fhaisnéis chun tacú leis na héilimh maidir le húsáid eacnamaíoch leanúnach a chur isteach mar chuid den iarraidh ar athchriosú.

Conas is féidir liom tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas mapála agus aighneachtaí?

Chun tuilleadh mionsonraí a fháil ar an dréacht-léarscáil bhliantúil, nó ar na haighneachtaí, féach le do thoil ‘Do Cheisteanna Freagartha’ anseo. Má tá ceisteanna agat faoi thalamh ar leith nó ceisteanna nach bhfuil clúdaithe sna CCanna, déan teagmháil le do thoil leis an Roinn Pleanála (rzlt@kerrycoco.ie).

Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin Gov.ie/RZLT.

Mar atá leagtha amach thuas, tá dhá chuid sa phróiseas CTCC. Ceanglaítear ar údaráis áitiúla tabhairt faoin mapáil lena sainaithnítear an talamh atá faoi réir na cánach. Tá an t-údarás áitiúil freagrach freisin as an léarscáil deiridh bhliantúil a fhoilsiú. Foilsíodh é sin an 31 Eanáir 2025 don bhliain 2025, agus déanfar í a athbhreithniú go bliantúil. Ina dhiaidh sin, is iad na Coimisinéirí Ioncaim a thabharfaidh faoi riar na cánach. Ba cheart ceisteanna faoin mapáil a chur chuig Comhairle Contae Chiarraí. Áirítear leo sin ceisteanna faoi na nithe seo a leanas:

  • Critéir chun a chur san áireamh ar dhréacht-léarscáil bhliantúil
  • Aighneachtaí ar dhréacht-léarscáil bhliantúil
  • Cinntí ar dhréacht-léarscáil bhliantúil
  • Achomhairc a dhéanamh ar chinneadh (nach mór a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála)
  • Léarscáil deiridh bhliantúil
  • Aighneachtaí maidir le criosú ar an léarscáil deiridh bhliantúil don bhliain 2025 arna foilsiú an 31 Eanáir 2025

Ba chóir gach ceist maidir le riar na cánach a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Cuirtear mionsonraí ar fáil ar a suíomh gréasáin faoi riar ginearálta na cánach agus naisc chuig treoir chuimsitheach faoin gcáin. Cuirtear mionsonraí ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim freisin faoin méid seo a leanas:

  • Daoine atá faoi dhliteanas
  • Méid na cánach talún criosaithe cónaithe
  • Oibleagáid clárú
  • Oibleagáid ar an duine atá faoi dhliteanas tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh
  • Iarchur Cánach Talún Criosaithe Cónaithe nó díolúintí ón gCáin sin
  • Conas teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim le fiosruithe maidir le riar CTCC

Cad a dhéanfaidh mé má tá mé i m’Úinéir Tí

Tá mo theach agus mo ghairdín ar an léarscáil. Cad é an toradh?

Aithnítear do theach agus do ghairdín ar an léarscáil toisc go gcomhlíonann sé na critéir le haghaidh na cánach, atá bunaithe ar chriosuithe faoi stiúir cónaithe agus seirbhísiú ag bonneagar atá oiriúnach chun tithíocht a sholáthar.  Níl an teach agus an gairdín faoi dhliteanas na cánach, fad is atá an teach faoi réir na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ).

An gá dom aighneacht a dhéanamh?

Níl sé riachtanach. Fiú má aithnítear do theach ar na léarscáileanna, níl áit chónaithe faoi dhliteanas na cánach sa chás go bhfuil siad faoi réir CMÁ. 

Cad a tharlaíonn má tá mo ghairdín níos mó ná 0.4047 ha (1 acra)

Má tá do ghairdín níos mó ná an méid sin, ní mór duit clárú don CTCC leis na Coimisinéirí Ioncaim, ach ní bheidh do theach ná do ghairdín faoi dhliteanas na cánach. Beidh tú in ann clárú le haghaidh CTCC ó R1 2025 ar aghaidh. Ní gá aon ghníomh a dhéanamh chun clárú ag an am seo.  Féach ar revenue.ie chun sonraí a fháil maidir leis an bpróiseas clárúcháin níos gaire don am.

Dréacht-léarscáil bhliantúil

léarscáil idirghníomhach (osclaíonn sé i bhfuinneog nua) ar fáil don Cháin Talún Criosaithe Cónaithe áit ar féidir féachaint ar na léarscáileanna go léir.

Criosú Achar (heicteár) Beartaithe a eisiamh ón Léarscáil (heicteár) Beartaithe a chur ar an Léarscáil (heicteár)
R1 - Cónaithe Nua/Molta 228.03   24.92
R2 - Cónaithe Láithreach 1969.33 1.37 83.4
R4 - Cúlchiste Cónaithe Atraitéiseach     9.79
Réimse i raon feidhme an CTCC

Critéir maidir le háireamh ar an léarscáil

Deir alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997:-

Sa Chuid seo, aon tagairt do thalamh a chomhlíonann na critéir iomchuí, is tagairt í do thalamh—

(a) go bhfuil sí ar áireamh i bplean forbartha, de réir alt 10(2) (a) d’Acht 2000, nó i bplean limistéir áitiúil, de réir alt 19(2)(a) d’Acht 2000, arna chriosú—

  1. go haonarach nó go príomha le haghaidh úsáide cónaithe, nó
  2. ar mheascán úsáidí, lena n-áirítear úsáid chónaitheach,

(b) go bhfuil sé réasúnach a bhreithniú go bhféadfadh rochtain a bheith aige, nó a bheith curtha i gceangal, ar bhonneagar poiblí agus ar shaoráidí poiblí, lena n-áirítear bóithre agus cosáin, soilsiú poiblí, draenáil séarachais salach, draenáil uisce dromchla agus soláthar uisce, is gá chun teaghaisí a fhorbairt agus a bhfuil cumas seirbhíse leordhóthanach acu le haghaidh na forbartha sin, agus

(c) go bhfuil sé réasúnach breithniú a dhéanamh, i dtéarmaí a staide coirp, ar nithe atá sách mór chun cosc a chur le soláthar teaghaisí, lena n-áirítear éilliú nó taisí aitheanta seandálaíochta nó stairiúla a bheith ann, ach nach talamh é—

i. dá dtagraítear i mír (a)(i) agus, ag féachaint d’fhorbairt (de réir Acht 2000) agus don fhorbairt sin amháin, nach forbairt neamhúdaraithe (de réir bhrí Acht 2000) í, atá á húsáid mar áitreabh, ina bhfuil trádáil nó gairm á seoladh, ar forbairt í atá faoi dhliteanas rátaí tráchtála a íoc, ar forbairt í ar réasúnach breithniú a dhéanamh uirthi chun seirbhísí a sholáthar do chónaitheoirí limistéar cónaithe tadhlach,

ii. dá dtagraítear i mír (a)(ii), mura rud é go bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil an talamh folamh nó díomhaoin,

iia. nach mbeadh a bhforbairt de réir na nithe seo a leanas—

  1. i gcás ina ndéantar an talamh a chriosú i bplean forbartha, an bonn céimnithe ar dá  réir a bheidh forbairt talún le tarlú faoin bplean, mar a shonraítear sa chroístraitéis atá ar áireamh sa phlean sin de réir alt 10(2A)(d) d’Acht 2000, nó
  2. i gcás ina ndéantar an talamh a chriosú i bplean limistéir áitiúil, an cuspóir, i gcomhréir le cuspóirí agus croístraitéis an phlean forbartha don limistéar i leith ar plean é a ullmhófar an plean limistéir áitiúil, chun talamh a fhorbairt ar bhonn céimnithe, atá ar áireamh sa phlean limistéir áitiúil de réir alt 19(2) d’Acht 2000,

ar an dáta a mbeidh comhlíonadh na gcritéar san alt seo á measúnú,

(iii) go bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil sé ag teastáil le haghaidh áitiú, nó go bhfuil sé ina chuid dhílis d’áitiú—

  1. bonneagar agus saoráidí sóisialta, pobail nó rialtais, lena n-áirítear bonneagar agus saoráidí a úsáidtear chun críocha riaracháin phoiblí nó chun críocha oideachais nó cúraim sláinte a sholáthar,
  2. saoráidí agus bonneagar iompair,
  3. bonneagar agus saoráidí fuinnimh,
  4.  bonneagar agus saoráidí teileachumarsáide,
  5.  bonneagar agus saoráidí uisce agus fuíolluisce,
  6. bonneagar bainistithe agus diúscartha dramhaíola, nó
  7. bonneagar áineasa, lena n-áirítear saoráidí spóirt agus clóis súgartha,

(iv) atá faoi réir ainmniú reachtúil lena bhféadfar forbairt a chosc, nó

(v) ar a bhfuil an tobhach ar láithreáin thréigthe iníoctha de réir an Achta um Láithreáin Thréigthe 1990.

Téamaí

Residential Zoned Land Tax

Litir Chlúdaigh (Roghnach)

Glac síntiús