DEONTAS 2025 FÉN ACHT EALAÍON

Oscailte8 Sam, 2024, 17:25 - 15 Ean, 2025, 13:00

Cuireann Comhairle Contae Chiarraí maoiniú ar fáil faoin Acht Ealaíon i ndáil le gníomhaíochtaí, tionscadail agus cúraimí den saghas sin, chun críocha suim an phobail sna healaíona a spreagadh, eolas agus tuiscint ar na healaíona agus a gcleachtadh a chur chun cinn, nó caighdeáin na n-ealaíon laistigh dá limistéar feidhme a ardú.

Ní thabharfar cúnamh ach do ghníomhaíochtaí atá lonnaithe i gCiarraí agus a chuirfear ar siúl i gCiarraí.

D’fhéadfadh luachanna éagsúla a bheith leis na dámhachtainí ag brath ar líon na n-iarratas fiúntach.

Caithfidh Leithdháileadh na nDeontas faoin Acht Ealaíon a bheith i gcomhréir leis na beartais atá leagtha amach i Straitéis Ealaíon Chomhairle Contae Chiarraí 2024-2034. Ar fáil ag https://arts.kerrycoco.ie/wp-content/uploads/2024/11/Straiteis-Forbartha-Ealaion-Chiarrai-2024-2034.pdf

Tabharfar tús áite d’fhéilte, imeachtaí agus gníomhaíochtaí a lorgaíonn maoiniú chun íoc as rannpháirtíocht ealaíontóirí gairmiúla agus a bpáirtíocht in eagraíocht/imeachtaí/gníomhaíochtaí an iarratasóra. Is ealaíontóir gairmiúil é duine a bhfuil teist chruthaithe san healaíona air nó uirthi, le cáilíocht sna healaíona nó taithí shuntasach ina rogha réimse más féidir.

Beidh an t-iarratas faoi réir próiseas iomaíoch faoi threoir na gcritéar seo a leanas:

Teist cruthaithe na heagraíochta/an ealaíontóra sna healaíona; feabhas an togra/tionscadail; tionchar an togra/tionscadail ar thimpeallacht na n-ealaíon i gCiarraí ó thaobh rannpháirtíocht an tsaoránaigh agus na tacaíochta a thugtar d’ealaíontóirí; acmhainn an iarratasóra an tionscadal a thabhairt chun críche ó thaobh margaíochta, bainistíocht buiséid agus measúnaithe de.

Iarratais Neamh-incháilithe: Iarratas ar bith nach gcuireann na gníomhaíochtaí ann go díreach leis na healaíona; Foilseacháin; Tionscadail a bhaineann níos mó le réimsí na staire, na ceardaíochta, na hoidhreachta, an phobail seachas na healaíona; Tionscadail tráchtála nó brabúis; Tionscadail a dheonaíonn sciar mór den ioncam do charthanais; tionscadail chaipitiúla agus bhonneagair; Tionscadail ar chuid dlúthchuid díobh coimisiúnú a dhéanamh lena n-áirítear dealbha, tiomnaithe agus plaiceanna. Iarratais a mbeidh an maoiniú rómhór ag teastáil dóibh i gcomhthéacs an bhuiséid atá ar fáil. Iarratais nach bhfuil dea-chumtha, a bhfuil sonraí ábhartha agus riachtanacha a iarrtar in easnamh ar an bhfoirm iarratais.

Ná glac leis go bhfuil cur amach ag an bpainéal roghnaithe ortsa ná ar do chuid oibre - caith le gach iarratas amhail is gurb é do chéad cheann é.

Féadfaidh iarratasóirí nach n-éiríonn leo aiseolas a lorg.

Is coinníoll le haghaidh íocaíochtaí do ghrúpa go mbeidh cuntas bainc ag an ngrúpa sin, nó go n-osclóidh an grúpa cuntas bainc, sula ndéanfar íocaíocht a údarú.

Féadfar Deontais Ealaíon a choimeád siar nó a roinnt idir iarratasóirí ar rogha na Comhairle.

Níl aon chinnteacht ann go mbronnfar deontas ar iarratasóir fiú má tá sé incháilithe agus i gcomhréir leis na treoirlínte. 

Ba cheart go n-úsáidfí aon chúnamh a fhaightear tríd an scéim seo mar chuid den ioncam lena maoinítear an tionscadal. Ní mór an maoiniú a úsáid chun na gcríocha a shonraítear i d’iarratas. Ní mór an dámhachtain a chaitheamh in 2025.

Nuair a dháiltear deontas le haghaidh imeacht/tionscadal ar leith, ní bheidh Comhairle Contae Chiarraí freagrach as árachas don imeacht/tionscadal. 

Má athraítear, má chuirtear ar athló nó má chuirtear ar ceal an t-imeacht - go hiomlán nó i bpáirt - ní mór teangmháil a dhéanamh le hOifig na nEalaíon roimh ré chun an cúram a phlé.

Dícháileofar aon iarratasóir a dhéanann ionadaithe tofa a chanbhasáil.

Cóid Chleachtais a Chomhlíonadh; Ní mór Treoirlínte maidir le Tús Áite do Leanaí, nósanna imeachta cuí um Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána, Rialacháin Sláinte agus Sábháilteachta, polasaithe agus nósanna imeachta Comhdheiseanna a bheith i bhfeidhm agus iad a chomhlíonadh nuair is ábhartha i ngach cás. Polasaí um Chosaint Leanaí: Is é polasaí Chomhairle Contae Chiarraí go gcaithfidh aon eagraíocht a lorgaíonn maoiniú, a bhfuil baint ag a gníomhaíochtaí le leanaí, cóip dá polasaí reatha maidir le cosaint leanaí a chur in éineacht leis an iarratas. Mura ndéantar amhlaidh d’fhéadfadh an t-iarratas a bheith neamhbhailí.

Ní dhéanfar iarratais dhéanacha a mheas.

Iatáin Riachtanacha: 

  • Iarratas leictreonach amháin trí ríomhphost chuig arts@kerrycoco.ie
  • CVanna na nEalaíontóirí
  • Sonraí bainc na Ghrúpa Iarrtha agus ráiteas bainc a eisíodh le déanaí (ní bhaineann sé seo le hiarratasóirí aonair)
  • Ráiteas Cuntais Deimhnithe/Iniúchta suas chun dáta an Ghrúpa Iarrtha (má bhaineann le hábhar)
  • Samplaí de shaothar a bhí ar chláir an iarratasóra d’imeachtaí/féilte a bhí ar siúl cheana (pdf, jpeg, mp3)
  • Aon eolas tacaíochta eile a d’fhéadfadh cabhrú le d’iarratas
  • Má tá d’eagraíocht cláraithe le haghaidh cánach ní foláir duit cóip de Dheimhniú Imréitigh Cánach bailí a sholáthar.  Níl sé seo riachtanach más féidir leat Uimhir Charthanais a thabhairt.

Ní mór don tionscnóir/iarratasóir aitheantas a thabhairt do Chomhairle Contae Chiarraí ar gach suíomh gréasáin, ardán meán sóisialta, ar gach ábhar poiblíochta, preasa agus margaíochta a tháirgfear i gceangal leis an ngníomhaíocht nó imeacht.  Ní mór lógó Chomhairle Contae Chiarraí a chur ar gach ábhar clóite, póstaeir, bileoga agus suímh ghréasáin etc. Ní mór cóipeanna de gach ábhar den saghas sin a sheoladh go dtí Oifig na nEalaíon. Is féidir lógónna a lorg ó Oifig na nEalaíon.

Ní mór do iarratasóirí a n’eiríonn leo, sonraí an imeacht a uaslódáil chuig suíomh idirlín Discover Kerry agus chuig suíomh idirlín Discover Ireland (má bhaineann sé leo).

Tugtar le tuiscint nuair a chuirtear isteach an Fhoirm Iarratais líonta go nglactar leis na coinníollacha.

Eiseofar litir thairisceana agus foirm tarraingthe anuas d’iarratasóirí rathúla. Ní mór an fhoirm tarraingthe anuas a chur isteach laistigh de deich lá ón imeacht. 

Tá na hiarratasóirí iomlán freagrach as a chinntiú go bhfuil an fhoirm iarratais líonta ina hiomláine; níl Oifig na nEalaíon chun iarratais neamhiomlána a phlé. Ní ghlacfar le heolas breise tar éis an spriocdháta.

Is é an 15 EANAIR 2025 1PM AN CLÁR AR DÍOL AR ATHBHREITHNIÚ NA hIARRATAIS

Saoráil Faisnéise: Molann Comhairle Contae Chiarraí go gcuirfear an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an iarratas seo ar dheontas ar fáil arna hiarraidh sin: Ainmneacha iarratasóirí rathúla. Cúiseanna nach raibh iarratasóir incháilithe do mheasúnú an deontais. Geallann Comhairle Contae Chiarraí gach dícheall a dhéanamh aon fhaisnéis a thabharfaidh iarratasóirí a choimeád faoi rún faoi réir a hoibleagáidí faoin dlí, lena n-áirítear an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1998 agus 2003.  Iarrtar ar iarratasóirí machnamh a dhéanamh an ceart faisnéis a nochtadh más íogair í. Más amhlaidh atá, ba cheart d’iarratasóirí, agus an fhaisnéis sin á soláthar acu, an fhaisnéis a aithint dúinn agus na cúiseanna go bhfuil sí íogair a shonrú. Mura dtugtar le fios go bhfuil an fhaisnéis sin íogair agus má chinneann Comhairle Contae Chiarraí arna meas nach bhfuil sí íogair, tá an baol ann go n-eiseofar an fhaisnéis sin mar fhreagra ar iarraidh Saorála Faisnéise gan dul i mbun comhairliúchán breise leis na hiarratasóirí.  Rachaidh Comhairle Contae Chiarraí i mbun comhairliúcháin le haon iarratasóir maidir le faisnéis íogair sula ndéanfar aon chinneadh ar iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a fhaightear.

An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí: Is é is cuspóir le do shonraí a phróiseáil ná d’iarratas ar mhaoiniú ealaíon ó Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chiarraí a phróiseáil. Déanfaidh painéal, ar a bhfuil baill foirne ó Údarás Áitiúil agus saineolaithe seachtracha, an fhaisnéis a thugann tú a mheasúnú. Má dheonaítear sparánacht duit coimeádfar d’fhaisnéis ar feadh cúig bliana agus ar feadh bliain amháin mura n-éiríonn le d’iarratas. Mura gcuireann tú ar fáil na sonraí pearsanta a iarrtar ní bheidh CCC in ann d’iarratas a phróiseáil.

You must login or register to apply.