Aisteoir, drámadóir, údar agus scéalaí ba ea Éamon Ó Ceallaigh (1914-2001). Rugadh i nGníomh go Leith i Sliabh Luachra i gCiarraí é. Bronnann Comhairle Contae Chiarraí sparánacht bhliantúil ar chleachtóir cruthaitheach a léiríonn, tálann, cumas agus uaillmhian sna hEalaíona. Bronntar an sparánacht i gcuimhne ar an méid a bhain Éamon Ó Ceallaigh amach sna healaíona cruthaitheacha. Tá sparánachtaí ar fáil do chleachtóir ealaíon amháin nó níos mó i gCeantar Bardasach Chill Airne, mar aitheantas ar an obair sna healaíona a dhéanann daoine agus chun an obair sin a fhorbairt agus a chur cinn. IS é 1Pm 15 eANAIR 2025 an spriocdháta d'iarratais Treoirlínte don Sparánacht: Ní mór gurb ó cheantar Bardasach Chill Airne an t-iarratasóir nó go bhfuil sé nó sí ina c(h)ónaí ann (Léarscáil: https://kerry.maps.arcgis.com/apps/webappviewer/index.html?id=c724ee12694e411a9565d5e9a1212832&mobileBreakPoint=100) Glactar le hiarratais ó ealaíontóirí de gach disciplín. Tá an Sparánacht oscailte d’ealaíontóirí dea-theiste atá os cionn 16 bliana d’aois. Féadfaidh an Oifig Ealaíon, dá rogha féin, gan an sparánacht a thabhairt, nó í a roinnt idir iarratasóirí. Ní mór don iarratasóir an fhoirm iarratais a líonadh é féin. Tabharfar tús áite dóibhsean a léiríonn a dtallann agus a ndúthracht san iarratas. Ní mór d’iarratasóirí pleananna soiléire acu chun leas a bhaint as an an sparánacht a chur isteach. Dí-cháileofar aon iarratasóir a dhéanann canbhasáil ar bhall tofa de Chomhairle Contae Chiarraí, ar bhall foirne d’Oifig Ealaíon na Comhairle nó ar aon mheasúnóir neamhspleách nó má dhéantar canbhásáil ar a shon.
Glacfar leis an gcinneadh a déanfar agus ní leanfar le haon chomhfhreagras faoin sparánacht. Ní mór don iarratasóir rathúil tuairisc a sholáthar ar úsáid na sparánachta, ar a iarraidh sin ó Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chiarraí. Ní mór don iarratasóir rathúil creidiúint chuí a thabhairt do Chomhairle Contae Chiarraí i ngach ábhar foilsithe agus in aon agallamh leis na meáin chumarsáide. Beidh ar éinne a fuair Sparánacht sna blianta a d’imigh thart fanacht tréimhse 1 bliana chun iarratas eile a dhéanamh (e.g. iadsan ar éirigh leo in 2023, is féidir iarratas a chur isteach arís in 2025). Ní mór an sparánacht a úsáid roimh an 24 Samhain 2025. IS FÉIDIR IARRATAIS A CHUR ISTEACH:
Seol cóip leictreonach trí ríomhphost chuig arts@kerrycoco.ie
IS CÓIR “Sparánacht Éamoin Uí Cheallaigh 2025” A SCRÍOBH GO SOILÉIR AR GACH IARRATAS. Beidh d’iarratas neamhbhailí mura bhfuil: An fhoirm iarratais líonta ina hiomláine agat. Na cáipéisí cuí ar fad a lorgaíodh curtha leis an bhfoirm iarratais. Cuir d’iarratas isteach fé 1pm 15 Eanair 2025. Ní ghlacfar le heolas breise tar éis an spriocdháta.
Saoráil Faisnéise Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Chiarraí go gcuirfear an t-eolas seo leanas maidir leis an gcomórtas ar fáil ar a iarraidh sin.
Deineann Comhairle Contae Chiarraí a dícheall aon eolas a chuireann iarrthóirí ar fáil a choimeád fé rún faoi réir a hoibleagáidí fén Acht um Shaoráil Faisnéise 1998 agus 2003. Ní mór d'iarratasóirí cuimhneamh an eolas íogair é nach ceart a nochtadh an t-eolas atá á chur ar fáil acu. Más ea, ní mór do na hiarratasóirí an t-eolas íogair sin a aithint agus na cúiseanna go bhfuil sé amhlaidh a thabhairt. Mura ndeintear eolas íogair a aithint, agus nach gceapann Comhairle Contae Chiarraí go bhfuil an t-eolas amhlaidh, d'fhéadfaí an t-eolas sin a eisiúint fén Acht um Shaoráil Faisnéise gan a thuilleadh dul i gcomhairle leis an iarrthóir. Rachaidh Comhairle Contae Chiarraí i gcomhairle le hiarratasóirí fé eolas íogair sara ndéantar aon chinneadh fé iarratais fén Acht um Shaoráil Faisnéise. An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí Is é is cuspóir le do shonraí a phróiseáil ná d’iarratas ar mhaoiniú ealaíon ó Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chiarraí a phróiseáil. Déanfaidh painéal, ar a bhfuil baill foirne ó Údarás Áitiúil agus saineolaithe seachtracha, an fhaisnéis a thugann tú a mheasúnú. Má dheonaítear sparánacht duit coimeádfar d’fhaisnéis ar feadh cúig bliana agus ar feadh bliain amháin mura n-éiríonn le d’iarratas. Mura gcuireann tú ar fáil na sonraí pearsanta a iarrtar ní bheidh CCC in ann d’iarratas a phróiseáil. |
SPARÁNTACHT EAMON Ó CHEALLAIGH 2025
Oscailte8 Sam, 2024, 17:25 - 15 Ean, 2025, 13:00