Cuireann Comhairle Contae Chiarraí deontais ar scála beag ar fáil chun tacú le himeachtaí d'Oíche Chultúir ar fud Chiarraí. Tugtar tacaíocht d'imeachtaí agus d'eagrais nua chomh fada agus is féidir. Is fearr linn tacú le himeachtaí a íocann an t-ealaíontóir/cainteoir/áisitheoir, agus a bhaineann lucht féachana mór amach. Táimid dírithe ar imeachtaí (laistigh agus amuigh faoin aer araon) leithéidí stiúideonna oscailte, ceardlanna, léirithe, cainteanna, camchuairteanna, seónna, taispeántais agus seótaispeántais a thacaíonn le hoibrithe gairmiúla cruthaitheacha agus a chuireann cultúr chun cinn. Bíonn tacaíocht á riaradh trí Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chiarraí, anuas ar mhargaíocht agus caidreamh poiblí don gclár. Mura bhfuil tacaíocht airgid de dhíth ort ach go mba mhaith leat imeacht a bheith san áireamh do chlár an chontae, is féidir an fhoirm seo a líonadh isteach chomh maith, más é do thoil é.
Má bhronntar tacaíocht bliain amháin, ní chiallaíonn sin gur gá go mbronnfar tacaíocht bliain eile amach anseo. Ní féidir leis an Oifig Ealaíon a dhearbhú go dtacófar le gach imeacht agus coimeádann sí an ceart aici féin gan roghnú ó na hiarratais a gcuirtear isteach. Tugann an Oifig Ealaíon ceann cuí de leathadh tíreolaíoch a cuid tacaíochta.
Dáta Dúnta d'Iarratais: 5PM Aoine 15th Bealtaine 2026.
Ní mór do gach imeacht/ceardlann/gníomhaíocht a bheith SAOR IN AISCE don bpobal.