SPARÁNTACHT BHREIS OIDEACHAIS 2025

Oscailte8 Sam, 2024, 17:25 - 15 Ean, 2025, 13:00

Treoirlínte don Sparánacht:

Tá an Sparánacht Bhreisoideachais Ealaíon oscailte do gach saghas ealaíontóra atá ag maireachtaint i gCiarraí.

Cuirtear an scéim seo i bhfeidhm chun tacú le hoideachas breise, forbairt ealaíonta agus mianach cruthaitheachta an ealaíontóra.

Tabharfar tús áite d’ iarratasóirí a bhfuil dámhachtain oideachais sna healaíona acu agus a dteastaíonn uathu dul ar aghaidh go leibhéal níos airde san oideachas ealaíon. Ní foláir don iarratasóir a thaispeáint go bhfuil an mianach sin ann ach teistiméireachtaí nó cineál tacaíochta eile a chur ar fáil ó dhaoine aitheanta in earnáil na n-ealaíon.

Ní mór CV sonrach don ealaín agus sampla réasúnta de shaothar an ealaíontóra a deineadh le déanaí (pdf, jpeg, mp3) laistigh de dhá bhliain ó shin a chur leis an iarratas chomh maith le haon ábhar tacaíochta eile a bhfuil baint aige leis.

Is gá d’iarratasóirí gach cuid den bhfoirm a líonadh.

Coimeádann Comhairle Contae Chiarraí an ceart, ar a rogha féin, gan sparánacht a bhronnadh

Beidh ar éinne a fuair Sparánacht sna blianta a d’imigh thart fanacht tréimhse 1 bliana chun iarratas eile a dhéanamh (e.g. iadsan ar éirigh leo in 2023, féadfaidh siad iarratas a chur isteach arís in 2025).

Ní thairgfear airgead tirim agus ní féidir an sparánacht a chur ar aghaidh go tríú páirtí.

Ní mór don iarratasóir rathúil an Fhoirm Íostarraingte Sparánachta a líonadh isteach agus a chur ar ais chuig Oifig na nEalaíon chun an maoiniú a fháil. 

Leideanna ginearálta ar an bhFoirm Iarratais a líonadh:

Léigh gach ceist go cúramach sula bhfreagraíonn tú iad.

Cuimhnigh go mbeidh roinnt daoine páirteach sa chinneadh agus gur cheart do d'iarratas a bheith soiléir, gonta agus cruinn. 

Roghnaigh an t-ábhar atá le cur isteach go cúramach.  Is fearr beagán agus é ráite go maith.  Cuimhnigh go bhfuil tú ag iarraidh a chur ina luí ar an bpainéal gur chóir do thogra a mhaoiniú.

Ná glac leis go bhfuil cur amach ag an bpainéal roghnaithe ortsa ná ar do chuid oibre - caith le gach iarratas amhail is gurb é do chéad cheann é.

Cuimhnigh go ndéanfar d’iarratas a mheas bunaithe an na hiarratais ar fad a thagann isteach agus iad in iomaíocht lena chéile.

Tabhair amlíne don tionscadal más cuí.

Bí cinnte go gcuireann tú isteach an cháipéisíocht ar fad a iarrtar.

Critéir:

Soiléireacht d'iarratais.

An bhfuil d'acmhainn agat an ghníomhaíocht seo a chur i gcrích go maith.

An mbeidh dea-thionchar ag an ngníomhaíocht seo ar do chleachtas / gairm ealaíne.

Do teist chruthaithe agat sna healaíona a mheas.

Nuálacht d'iarratais.                 

Na cúiseanna gur chuir tú isteach ar an sparánacht a mheas.

Caighdeán na gníomhaíochta atá beartaithe agat.

Ní mór don saothar a bhfuil maoiniú á lorg dó a bheith ealaíonta.

Ní mór go mbeadh an obair a bhfuil maoiniú á lorg di a bheith déanta ar bhonn neamhbhrabúis.

Ní mór duit a thaispeáint go bhfuil iarracht déanta agat ioncam a fháil ó fhoinsí eile.

Measúnú ar na hIarratais a fuarthas.

Tá na hiarratasóirí iomlán freagrach as a chinntiú go bhfuil an fhoirm iarratais líonta ina hiomláine; níl Oifig na nEalaíon chun iarratais neamhiomlána a phlé.

Cuirfidh Oifig na nEalaíon d'iarratas i gcatagóir fé leith.  Cuirfear iarratais nach gcloíonn le na critéir nó treoirlínte cáilíochta as an áireamh ag an bpointe seo.  Rachaidh na hiarratais go léir fé phainéal roghnaithe de chuid Chomhairle Contae Chiarraí ansin.  Tiocfaidh an painéal roghnaithe le chéile chun gach iarratas incháilithe a mheas agus moltaí a dhéanamh.

Coinníollacha Sparánachtaí Ealaíon

Tá de rogha ag Comhairle Contae Chiarraí Sparánachtaí a choimeád nó a roinnt idir iarratasóirí.

Tá Sparánachtaí ag brath ar an maoiniú a bheith ar fáil dóibh.

Ní mór maoiniú a chuirtear ar fáil duit a úsáid de réir d'iarratais.

Ní mór an sparánacht a úsáid roimh an 24 Samhain 2025.

Má chuirtear an plean siar, ar ceal nó má athraítear é in aon tslí, caithfear seo a phlé le hOifig na nEalaíon.

Ní mór Comhairle Contae Chiarraí a aithint ar gach ábhar poiblíochta, preasa agus margaíochta a bhaineann leis an gcúram nó imeacht.

Caithfear cóipeanna d'ábhar dá leithéid a chur go hOifig na nEalaíon.

Tá sé le tuiscint go nglactar leis na coinníollacha seo nuair a chuirtear Foirm Iarratais isteach.

Dícháileofar iarratasóirí a dheineann canbhasáil

IS FÉIDIR IARRATAIS A CHUR ISTEACH:

Seol cóip leictreonach trí ríomhphost chuig arts@kerrycoco.ie

IS CÓIRSparánacht Breisoideachais Ealaíon 2025”. A SCRÍOBH GO SOILÉIR AR GACH IARRATAS.

Beidh d’Iarratas neamhbhailí mura bhfuil:

Na cáipéisí cuí ar fad curtha leis an bhfoirm iarratais.

Cuir d’iarratas isteach roimh 1pm 15 Eanair 2025

Ní ghlacfar le heolas breise tar éis an spriocdháta.

 

Saoráil Faisnéise

Molann Comhairle Contae Chiarraí go gcuirfear an t-eolas seo leanas, ar a iarraidh sin, i gcás comórtais do dheontais.

  • Ainmneacha na n-iarratasóirí a n-éiríonn leo.
  • Na cúiseanna nár cuireadh iarratasóir san áireamh do dheontas.

Deineann Comhairle Contae Chiarraí a dícheall aon eolas a chuireann iarratasóirí ar fáil a choimeád fé rún faoi réir a hoibleagáidí fén Acht um Shaoráil Faisnéise 1998 agus 2003. Ní mór d'iarratasóirí cuimhneamh an eolas íogair é nach ceart a nochtadh an t-eolas atá á chur ar fáil acu. Más ea, ní mór do na hiarratasóirí an t-eolas íogair sin a aithint agus na cúiseanna go bhfuil sé amhlaidh a thabhairt. Mura ndeintear eolas íogair a aithint, agus nach gceapann Comhairle Contae Chiarraí go bhfuil an t-eolas amhlaidh, d'fhéadfaí an t-eolas sin a eisiúint fén Acht um Shaoráil Faisnéise gan a thuilleadh dul i gcomhairle leis an iarratasóir. Rachaidh Comhairle Contae Chiarraí i gcomhairle le hiarratasóirí fé eolas íogair sara ndéantar aon chinneadh fé iarratais fén Acht um Shaoráil Faisnéise.

An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí: Is é is cuspóir le do shonraí a phróiseáil ná diarratas ar mhaoiniú ealaíon ó Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chiarraí a phróiseáil. Déanfaidh painéal, ar a bhfuil baill foirne ó Údarás Áitiúil agus saineolaithe seachtracha, an fhaisnéis a thugann tú a mheasúnú. Má dheonaítear sparánacht duit coimeádfar dfhaisnéis ar feadh cúig bliana agus ar feadh bliain amháin mura n-éiríonn le diarratas. Mura gcuireann tú ar fáil na sonraí pearsanta a iarrtar ní bheidh CCC in ann diarratas a phróiseáil.

Rphost:  arts@kerrycoco.ie

1PM 15 EANAIR 2025 an spriocdháta d'iarratais.

You must login or register to apply.