

Ceistneoir Aoisbhá Chiarraí
Tá Straitéis Aoisbhá nua á forbairt ag Comhairle Contae Chiarraí faoi láthair.
Má tá tú 55 bliana d'aois nó níos sine, ba mhór againn dá roinnfeá do thuairimí linn maidir le conas is féidir linn Contae Chiarraí a bhunú mar áit inar féidir le daoine, idir óg agus aosta, saol maith a bheith acu ann, dul in aois ar shlí dhearfach ann, agus brath amhail is go bhfuil meas á léiriú orthu ann.
Trí pháirt a ghlacadh sa suirbhé gearr seo, cabhróidh tú linn plean soiléir praiticiúil a chur le chéile, bunaithe ar na rudaí atá tábhachtach do sheanóirí i gContae Chiarraí.
Níl aon eolas pearsanta ag teastáil, agus ní gá duit freagra a thabhairt ar aon cheist nach dteastaíonn uait a fhreagairt.
Tá 8 gcuid ar fad sa suirbhé agus tógfaidh sé thart ar 8 -10 nóiméad chun é a chomhlánú.
- Cuid 1: Iompar agus Soghluaisteacht – Cé sórt áit é Contae Chiarraí le taisteal ann?
- Cuid 2: Rochtain ar Spásanna Lasmuigh agus ar Fhoirgnimh Phoiblí
- Cuid 3: Do Theach agus Cúrsaí Tithíochta
- Cuid 4: Meas agus Ionchuimsiú Sóisialta
- Cuid 5: Rannpháirtíocht Shóisialta
- Cuid 6: Cumarsáid agus Faisnéis
- Cuid 7: Rannpháirtíocht Shibhialta agus Fostaíocht
- Cuid 8: Tacaíocht Pobail agus Seirbhísí Sláinte