Cánach Talún Criosaithe Cónaithe - Iarratas Athchriosaithe

Oscailte1 Fea, 2024, 8:00am - 31 Bea, 2024, 11:59pm

Primary tabs

Residential Zoned Land Tax Rezoning Request

I gcás go bhfuil talamh atá sainaitheanta ar an Dréacht-Léarscáil Bhliantúil Cánach Talún Criosaithe Cónaithe cuimsithe i bplean forbartha nó i bplean ceantair áitiúil de réir alt 10(2)(a) nó 19(2)(a) d’Acht, 2000, criosaithe—

(i) chun críocha úsáide cónaithe amháin nó go príomha, nó

(ii) do mheascán úsáidí, lena n-áirítear úsáid chónaithe,

Féadfaidh duine, ar an 31 Bealtaine 2024 nó roimhe sin, i gcás ina sainaithnítear talamh ar an dréacht-léarscáil faoi réir na cánach talún criosaithe cónaithe, féadfaidh duine, i leith talún ar leis an duine sin é, aighneacht a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ag iarraidh go n-athrófar criosú na talún sin. Ba cheart go n-áireodh aon aighneacht den sórt sin fianaise ar úinéireacht, cúiseanna mionsonraithe le haon iarratas ar athchriosú, chomh maith le léarscáil ar scála 1:1,000 (uirbeach) nó 1:2,500 (tuaithe) ag sainaithint an píosa talún ábhartha go soiléir.

Déanfaidh Comhairle Contae Chiarraí gach iarratas athchriosaithe a mheas ag féachaint do phleanáil chuí agus d’fhorbairt inbhuanaithe an cheantair.

Aighneacht a dhéanamh

Féadfar aighneachtaí a chur in iúl:

Ar Líne

Anso i gcruth leictreonach ar an suíomh idirlín tiomanta ag https://consult.kerrycoco.ie/ ach an fheidhm 'Aighneacht a Dhéanamh' a roghnú. 

I scríbhinn

Seol i scríbhinn chuig: RZLT, An tAonad Pleanála Beartas, Comhairle Contae Chiarraí, Ráth Teas, Trá Lí, Co. Chiarraí, V92H7VT.

Níor mhór aighneachtaí scríofa a mharcáil go soiléir mar Cánach Talún Criosaithe Cónaithe - Iarratas Athchriosaithe’.

Dein an aighneacht led thoil trí mheán amháin, sin cóip cruaidh nó trín suíomh idirlín.  Ní ghlacfar le haighneachtaí trí r-phost.

Maidir le haon iarrataí athchriosaithe i scríbhinn den sórt sin a gheofar faoin 31 Bealtaine 2024 seachas eilimintí d’aighneacht a d’fhéadfadh a bheith ina sonraí pearsanta, foilseofar iad ar https://consult.kerrycoco.ie/ tráth nach déanaí ná an 10 Meitheamh 2024.

Glacfar le haighneachtaí go dtí an 31 Bealtaine 2024.

Cad a Tharlaíonn Ar Aghaidh

Déanfaidh Comhairle Contae Chiarraí:

  1. Déan measúnú ar an aighneacht.
  2. Breithniú a dhéanamh ar chóir athrú a dhéanamh faoi Alt 13 den Acht um Pleanáil & Forbairt 2000 (arna leasú) nó diúltú don iarratas ar athrú ar chriosú na dtailte
  3. Tráth nach déanaí ná an 31 Iúil 2024, fógra a thabhairt don úinéir lena mbaineann maidir lena chinneadh:
    1. diúltú don iarratas ar athrú ar chriosú tailte, nó
    2. a mholadh go ndéanfar athrú ar phlean forbartha faoi Alt 13 den Acht um Pleanáil & Forbairt 2000 (arna leasú)

Aighneachtaí

Themes

Zoning

Litir Chlúdaigh (Roghnach)

Glac síntiús