Dréacht-Ordachán Plean Ceantair Áitiúil Cheantar Bardasach Neidín 2024-2030

Dúnta6 Mei, 2024, 00:01 - 20 Mei, 2024, 23:59

Primary tabs

An tAcht um Pleanáil & Forbairt, 2000 (arna leasú)

Fógra maidir le Dréacht-Ordachán ón Aire Stáit don Rialtas Áitiúil agus Pleanáil chuig Comhairle Contae Chiarraí maidir le Plean Ceantair Áitiúil Cheantar Bardasach Neidín 2024-2030

Tugtar fógra leis sin, ar an 23 Bealtaine 2024, go bhfuair Comhairle Contae Chiarraí fógra ón Aire Stáit don Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, ag cur in iúl go bhfuil sé beartaithe aige Ordachán a eisiúint de bhua Alt 31 d'Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú).

Bhain an Dréacht-Ordachán ón Aire le glacadh le Plean Ceantair Áitiúil Cheantar Bardasach Neidín 2024-2030.

Tá an Dréacht-Ordachán seo ón Aire á chur ar taispeáint phoiblí anois le haghaidh tréimhse coicíse, ionas gur féidir aighneachtaí maidir leis an Dréacht-Ordachán a chur faoi bhráid an Údaráis Pleanála.

Treoraítear don Údarás Pleanála na céimeanna seo a leanas a chur i gcrích:
Na hathruithe ábhartha seo a leanas a scriosadh ón bPlean Ceantair Áitiúil ionas go mbeidh na tailte ábhartha ag teacht leis an méid atá sonraithe sa Dréachtphlean Ceantair Áitiúil:

  1. Athrú Ábhartha 35 (Láithreán KG-102) – i.e. na tailte ábhartha (lonnaithe ag An Rinn, Cill Orglan) le hathrú ar ais go dtí tailte neamhchriosaithe, ó R1 Forbairt Chónaithe Nua/Bheartaithe;
  2. Athrú Ábhartha 36 (Láithreán KG-104) – i.e. na tailte ábhartha (lonnaithe ag Drom an Bhaile, Cill Orglan) le hathrú ar ais go dtí neamhchriosaithe, ó M1 Measctha;
  3. Athrú Ábhartha 38 (Láithreán KG-103) – i.e. na tailte ábhartha (lonnaithe ag An Leathfhearann, Cill Orglan) le hathrú ar ais go dtí neamhchriosaithe, ó R1 Forbairt Chónaithe Nua/Bheartaithe;
  4. Athrú Ábhartha 18 (Láithreán CH-103) – i.e. na tailte ábhartha (lonnaithe ag An Garrán Iarthach, Cathair Saidhbhín) le hathrú ar ais go dtí neamhchriosaithe, ó R4 Cúltaca Straitéiseach Cónaithe; agus
  5. Athrú Ábhartha 60 – i.e. na tailte ábhartha (lonnaithe ag An Tulaigh Mhór, Cill Orglan) le hathrú ar ais go dtí neamhchriosaithe, ó C2.1 Forbairt Thionsclaíoch/Fiontraíochta/Fostaíochta.

Na cúiseanna arna lua ag an Aire leis an Dréacht-Ordachán:

  1. Cuimsítear sa Phlean Ceantair Áitiúil arna dhéanamh athruithe ábhartha ar an Dréachtphlean Ceantair Áitiúil, a chriosaíonn talamh breise R1 Forbairt Chónaithe Nua/Bheartaithe i gCill Orglan atá ar neamhréir le croístraitéis Phlean Forbartha Contae Chiarraí 2022-2028, agus R4 Cúltaca Straitéiseach Cónaithe i gCathair Saidhbhín. Tá na hathruithe ábhartha seo lonnaithe i suíomhanna imeallacha agus/nó neamhsheicheamhacha, agus/nó suíomhanna neamhsheirbhísithe, agus/nó lasmuigh de theorainn CSO Chathair Saidhbhín. Spreagfadh na hathruithe ábhartha, ina n-aonar agus le chéile, patrún d'fhorbairt ag suíomhanna áirithe atá ar neamhréir le Cuspóir PFCC 4-1 de Phlean Forbartha Contae Chiarraí 2022-28 agus CPR 35 de SRSG chun dlúthfhás a chur chun feidhme, Cuspóir PFCC 3-6 chun talamh a chriosú chun críocha cónaithe de réir an chuir chuige srathaithe maidir le criosú, agus an beartas maidir le criosú seicheamhach (rannóg 6.2.3) faoi Phlean Forbartha Contae Chiarraí 2022-2028, agus níor sholáthair an t-údarás pleanála aon chúis leordhóthanach ná aon chúiseanna leordhóthanacha don chinneadh gan an beartas agus an cuspóir do chriosú seicheamhach atá le fáil sna Treoirlínte maidir le Pleananna Forbartha d'Údaráis Phleanála (2022) eisithe ag an Aire faoi alt 28 den Acht a chur i bhfeidhm.
  2. San áireamh sa Phlean Ceantair Áitiúil arna dhéanamh tá athrú ábhartha ar an Dréachtphlean Ceantair Áitiúil, a chriosaíonn M1 Úsáid Mheasctha / Láithreán Deise breise i gCill Orglan. Tá an t-athrú ábhartha seo lonnaithe i suíomh imeallach, scoite ó lár baile Chill Orglan faoi láthair agus tá cuid den athrú seo lasmuigh de theorainn CSO. Spreagfadh an t-athrú ábhartha seo patrún forbartha atá ar neamhréir le cur chun feidhme Chuspóir PFCC 4-61 de Phlean Forbartha Contae Chiarraí 2022-2028 chun forbairt inbhuanaithe a chinntiú trí dheiseanna miondíola nua a threorú i dtreo lár bailte agus trí chroílimistéir mhiondíola atá forbartha cheana féin a chomhdhlúthú, a neartú agus a fheabhsú, agus CPR 151 de SRSG chun talamhúsáid agus iompar a chomhtháthú agus chun comhtháthú taistil inbhuanaithe a bharrfheabhsú laistigh de lonnaíochtaí.
  3. Cuimsítear sa Phlean Ceantair Áitiúil arna dhéanamh athrú ábhartha ar an Dréachtphlean Ceantair Áitiúil ina gcriosaítear talamh breise C2.1 Forbairt Thionsclaíoch / Fiontraíochta / Fostaíochta i suíomh neamhsheirbhísithe, iargúlta, lasmuigh de theorainn CSO agus de theorainn lonnaíochta CPA do Chill Orglan, agus ar bhóthar náisiúnta an N70 áit a bhfuil an uas-luasteorainn i bhfeidhm, agus áit a bhfuil cuid de na tailte lonnaithe laistigh de chrios tuilte A agus B. Spreagfadh an t-athrú ábhartha seo patrún lonnaíochta i suíomh nach bhfuil na critéir a bhaineann le hainmniú criosanna fostaíochta faoi rannóg 9.6.1 de Phlean Forbartha Contae Chiarraí 2022-2028 (lena n-áirítear CPN 72 den Chreat Náisiúnta Pleanála) á chomhlíonadh aige, agus atá ar neamhréir le CPR 151 de SRSG chomh fada is a bhaineann le comhtháthú talamhúsáide agus iompair agus comhtháthú iompair phoiblí agus taistil inbhuanaithe laistigh de lonnaíochtaí a bharrfheabhsú, Cuspóir PFCC 9-22, Cuspóir PFCC 14-29 agus Cuspóir PFCC 14-30 de Phlean Forbartha Contae Chiarraí 2022-2028 chun acmhainn agus sábháilteacht bóithre náisiúnta a chosaint de réir na dTreoirlínte maidir le Pleanáil Spásúil agus Bóithre Náisiúnta (2012) agus ní chuirtear i bhfeidhm rannóg 2.5 de na treoirlínte seo, agus CPR 116 de SRSG chun forbairt mhíchuí a sheachaint i gceantair lena mbaineann riosca tuilte de réir an Chórais Pleanála agus Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte – Treoirlínte d’Údaráis Phleanála (2009), agus ní chuirtear na treoirlínte seo i bhfeidhm.
  4. Ní dhearnadh an Plean Ceantair Áitiúil ar bhealach atá ar comhréir le, agus theip air, moltaí Oifig an Rialálaí Pleanála faoi alt 31AO den Acht a chur chun feidhme.
  5. I bhfianaise na nithe arna leagan amach idir I agus III thuas, tá an tAire den tuairim go bhfuil an Plean Ceantair Áitiúil arna dhéanamh ar neamhréir le cuspóirí an Phlean Forbartha don cheantar, arb ionann é agus ceanglas d'alt 19(2) den Acht.
  6. Níl an Plean Ceantair Áitiúil arna dhéanamh ar comhréir le cuspóirí SRSG contrártha d'alt 19(2) agus d'alt 27(1) den Acht.
  7. Tá an tAire den tuairim nach bhfuil an Plean Ceantair Áitiúil arna dhéanamh ar comhréir le Cuspóir Beartais Náisiúnta 33 agus 57 den Chreat Náisiúnta Pleanála.
  8.  Tá an tAire den tuairim go dteipeann ar an bPlean Ceantair Áitiúil arna dhéanamh straitéis fhoriomlán a leagan amach do phleanáil chuí agus d'fhorbairt inbhuanaithe an cheantair.
  9. Níl ceanglais an Achta á gcomhlíonadh ag an bPlean Ceantair Áitiúil.

 

Beidh cóip den Dréacht-Ordachán ar fáil chun críche iniúchta le haghaidh tréimhse coicíse idir an 6 Meitheamh 2024 agus an 20 Meitheamh 2024 (san áireamh) ar líne ag https://consult.kerrycoco.ie agus ag na suíomhanna seo a leanas:

  • Leabharlann Phoiblí Chathair Saidhbhín, Neidín, Chill Orglan
  • Seomra 13, An Roinn Pleanála, Áras an Chontae, Ráth Teas, Trá Lí

Is féidir aighneachtaí i scríbhinn nó breathnóireachtaí maidir leis an Dréacht-Ordachán a chur faoi bhráid an Údaráis Pleanála i rith thréimhse an chomhairliúcháin agus fáiltítear roimh a leithéid ó bhaill den phobal, leanaí nó grúpaí nó cumainn atá ag déanamh ionadaíochta ar leas leanaí agus páirtithe leasmhara eile. Ní mór gach aighneacht a chur ar fáil tráth nach déanaí ná an 20 Meitheamh 2024.

Ní ghlacfar le haighneachtaí a fhaightear ina dhiaidh sin.

Is féidir  Aighneachtaí/ Breathnóireachtaí a chur ar fáil ar na bealaí seo a leanas:

  • Ar líne ag https://consult.kerrycoco.ie/

  • I scríbhinn chuig Damien Ginty, Pleanálaí Sinsearach, Aonad Pleanála Beartas, Comhairle Contae Chiarraí, Ráth Teas, Trá Lí, Co. Chiarraí, V92 H7VT.

 

Níor cheart aighneachtaí a dhéanamh ach ar bhealach AMHÁIN i.e. ar líne nó cóip chrua.

 

Cuirfidh Oifig an Rialálaí Pleanála gach aighneacht nó breathnóireacht a fhaightear maidir leis an Dréacht-Ordachán, i rith na tréimhse seo, san áireamh sula gcuirfear moladh faoi bhráid an Aire maidir leis an tsaincheist seo.

 

Maidir le haighneacht nó tuairim a dhéanamh tabhair faoi deara le do thoil:

  • Ba cheart na sonraí seo a leanas a sholáthar i dteannta le haighneachtaí/le breathnóireachtaí - d’ainm agus seoladh, léarscáil (más gá chun críche sainaitheanta) agus, más cuí, sonraí maidir le haon eagraíocht, grúpa pobail nó cuideachta etc., a bhfuil ionadaíocht á déanamh agat air/uirthi.
  • Más féidir, cuir d’ainm agus seoladh ar fáil ar leathanach ar leith agus ní ar an leathanach céanna le hábhar d’aighneachta chun cur ar chumas Chomhairle Contae Chiarraí forálacha an Achta um Chosaint Sonraí a chomhlíonadh. Bheimis buíoch díobh as comhoibriú linn sa chomhthéacs seo.
  • Tabhair faoi deara, is ionann do shonraí teagmhála a sholáthar agus comhaontú le beartas RGCS na Comhairle.
  • Foilseofar gach aighneacht bhailí a fhaightear ar shuíomh gréasáin na Comhairle laistigh de 10 lá oibre ón lá a fhaightear iad agus beidh siad le fáil ag https://consult.kerrycoco.ie/

Téamaí

Cahersiveen
Killorglin
Glac síntiús