Suirbhé chun a fháil amach fé shuim i Scéim Tithíochta Inacmhainne i mbaile Thrá Lí agus i mbaile Chill Airne

Dúnta15 Bea, 2024, 12:00 - 1 Iúil, 2024, 23:59

Cúlra:

Áirítear le Plean Gníomhaíochta an Rialtais ‘Tithíocht do Chách’ cuspóir chun go ndéanfaidh Údaráis Áitiúla, agus iad ag oibriú i gcomhar le comhpháirtithe seachadta, pleanáil agus soláthar ar theaghaisí inacmhainne.   Bheadh a leithéid de theaghaisí le fáil ar phraghas laghdaithe, ina nglacfadh an tÚdarás Áitiúil sciar cothromais a bheadh coibhéiseach leis an laghdú ó luach na maoine a bheadh i réim ar an margadh (suas le 30%).  D'fhéadfadh ceannaitheoirí an cothromas a cheannach amach dá mba mhian leo, nó dhéanfadh an tÚdarás Áitiúil é a fhuascailt, dá mba rud é gur díoladh nó gur aistríodh an teaghais.

Beidh Scéimeanna Tithíochta Inacmhainne dírithe ar Cheannaitheoirí Céaduaire (nár shealbhaigh teaghais riamh) agus Ceannaitheoirí Túis Úir (colscartha nó idirscartha gan aon leas acu in áras cónaithe an teaghlaigh nó tar éis dul i mbun imeachtaí dócmhainneachta) i gceantracha ina mbíonn éileamh sainaitheanta ar thithíocht agus sriantacht inacmhainneachta.
Is mian le Comhairle Contae Chiarraí suim an phobail i dtithíocht inacmhainne a mheas i mbaile Thrá Lí agus i mbaile Chill Airne i dtosach.

 

Eolas Tábhachtach:

Tá an suirbhé seo á dhéanamh chun críche eolas a bhailiú agus cinneadh a dhéanamh maidir le leibhéil na suime is féidir a bheith i dtithíocht inacmhainne i mbaile Thrá Li agus i mbaile Chill Airne. Fanfaidh an suirbhé ar oscailt go dtí meán oíche ar an 1ú Iúil, 2024.

Ní bheidh aon chomhfhreagras forlíontach ann leat ar bhonn aonair má chuireann tú suirbhé líonta fénár mbráid.

Ní thugann líonadh an tsuirbhé le tuiscint gurb ann d'aon incháilitheacht nó d'aon fhaomhadh a bheith á thíolacadh maidir le haon scéim tithíochta inacmhainne a fhéadfaidh a bheith á hoibriú ag Comhairle Contae Chiarraí sa todhchaí.

Má dheineann Comhairle Contae Chiarraí scéim tithíochta inacmhainne a thairiscint, cuirfear tús le próiseas mioniarratais ar leith, agus measúnófar iarratais ar bhonn Scéime Tosaíochta.

Má dheineann Comhairle Contae Chiarraí fógraíocht maidir le scéim tithíochta inacmhainne am éigin sa todhchaí, beidh sé de rogha ag iarratasóirí a mheasfar a bheith ag comhlíonadh chritéir na scéime, iarratas a dhéanamh ar iasacht le hinstitiúid phríobháideach iasachtaí, nó iarratas a dhéanamh ar Iasacht Tithíochta ón Údarás Áitiúil (beidh feidhm ag teorainneacha ioncaim agus critéir incháilitheachta).   Déanfaidh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo Socrú um Cheannach Teaghaise Inacmhainne (SCTI/ADPA) leis an Údarás Áitiúil.

Chun a thuilleadh eolais a fháil fén dtithíocht inacmhainne,  féach, le do thoil:  https://affordablehomes.ie/

Chun eolas a fháil fé Iasachtaí Tithíochta ón Údarás Áitiúil,  féach, le do thoil:  http://localauthorityhomeloan.ie/

Do Shonraí:

Is í Comhairle Contae Chiarraí a iarrann an t-eolas so agus coimeádfaidh Comhairle Contae Chiarraí an t-eolas de bhun a feidhmeanna mar Údarás Tithíochta i ndáil le Tithíocht agus Tithíocht Inacmhainne fé: Achtanna na dTithe, 1966 go 2015; Cuid 5 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009 agus Alt 96 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú le forálacha laistigh den Acht um Thithíocht Inacmhainne, 2021).

Maidir le sonraí pearsanta a bheidh curtha isteach agat mar chuid den suirbhé seo, coimeádfar iad de réir na sceideal coinneála go ceann na tréimhse a bheidh na forálacha reachtúla ábhartha i bhfeidhm agus a bhainfidh le hábhar, agus úsáidfear iad chun na gcríoch so a leanas amháin:

  • Taifead a bheith curtha ar bun ag Comhairle Contae Chiarraí maidir le leas sealadach i dtithíocht inacmhainne agus sonraí anaithnidithe a bheith ullmhaithe/foilsithe ó fhionnachtana tosaigh an tsuirbhé seo.
  • Aistriú féideartha ar aghaidh a bheith déanta ar shonraí anaithnidithe mar chuid d'aon phróiseas measúnachta nó faofa i dtaca le tithíocht inacmhainne go dtí: An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta agus An Ghníomhaireacht Tithíochta.
  • Aistriú féideartha ar aghaidh a bheith déanta ar shonraí anaithnidithe go dtí tógálaí/ forbróir.

Tabhair fé ndeara:  Chun a thuilleadh eolais a fháil maidir le conas do chearta cosanta sonraí a fheidhmiú, is féidir teacht ar Bheartas Cosanta Sonraí Chomhairle Contae Chiarraí ag: https://www.kerrycoco.ie/

Is iad na sonraí teangmhála maidir le hOifigeach Cosanta Sonraí Chomhairle Contae Chiarraí ná iad so a leanas:

Ríomhphost:  dpo@kerrycoco.ie    Guthán:  066 7183500   Seoladh Poist:  Oifigeach Cosanta Sonraí, Comhairle Contae Chiarraí, Áras an Chontae, Ráth Teas, Trá Lí, Co. Chiarraí V92H7VT

The closing date has passed and submissions are no longer being accepted.