An Ghaelainn agus An Ghaeltacht

Uimhir Thagarta Uathúil: 
KE-C1-377
Stádas: 
Submitted
Údar: 
Cristín de Mórdha
Líon na ndoiciméad faoi cheangal: 
0
Teorainneacha Gafa ar an léarscáil: 
Níl
Údar: 
Cristín de Mórdha

Tuairimí

Chapter 8: Gaeltacht Areas, Culture & Heritage

8.1.3.1 Polasaithe na Gaeilge

Tá freagracht ar Chomhairle Contae Chiarraí ''ar son leas na teanga chomh maith le pobail Ghaeltachta Chorca Dhuibhne agus Uibh Ráthaigh'' (lch 117.), caithfear polasaithe níos láidre ó thaobh na teanga a chur leis an ndréacht phlean seo lené sin a chinntiú, go háirithe ó thaobh tithíocht tuaithe de.

Táim ag moladh go gcuirfí ceisteanna sonrach fé'n dteanga ar fhoirmeacha do chead phleanála, agus go mbeadh ceisteanna sonrach ann fé chumas agus nósmhaireacht teanga agus iarratas á dhéanamh ar chead phleanála sa Ghaeltacht. Caithfear polasaí ar leith a dhréachtadh le tús áite a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus iad ag iarraidh tithe a thógaint agus cur fúthu go buan sa Ghaeltacht. Muna bhfuil muintir na Gaeltachta féin in ann cur fúthu go buan sa Ghaeltacht, a bheith ag obair sa Ghaeltacht agus clann a thógaint sa Ghaeltacht ní bheidh ann don nGaeltacht céanna. Tá gá ag pobal le daoine a mhaireann sa cheantar go lánaimseartha chun gur féidir leis an bpobal sin teacht slán. Tá sé seo níos tabhachtaí fós i gcomhthéacs na Gaeltachta, chun an Ghaelainn a chaomhnú agus a chur chun cinn mar theanga phobail, tá sé éigeantach go mbeidh pobal ann chun amhlaidh a chinntiú.

Mar atá luaite sa dréachtphlean ''Bíonn gá le daonra mór is iad óg go leor chun beocht na teanga a choiméad sa tsiúl'' (lch. 116.) caithfear na haon tacaíocht a thabhairt do phobal óg na Gaeltachta tithe a thógaint le todhchaí na Gaelainne agus na Gaeltachta a chinntiú. Ní féidir líon na dtithe saoire atá in aon bhaile a úsáid mar chúis i gcoinne cead phleanála, caithfear tacú le daoine áitiúla atá ag iarraidh fanacht sa cheantar.

Baineann ceist na teangan leis na haon ghné don bplean, ní hamháin an chaibidil dár teidil ''Gaeltacht'', táim ag moladh go gcuirfí polasaithe láidre leis na caibidil éagsúla chun cur chun cinn na teanga a chinntiú sa Chontae.

Faisnéis

Uimhir Thagarta Uathúil: 
KE-C1-377
Stádas: 
Submitted
Líon na ndoiciméad faoi cheangal: 
0
Teorainneacha Gafa ar an léarscáil: 
Níl