Dréachtphlean Forbartha Chontae Chiarraí 2022-2028

Dúnta6 Nol, 2021, 12:01am - 23 Fea, 2022, 5:01pm

Primary tabs

Ullmhaíodh Dréachtphlean Forbartha Chontae Chiarraí 2022-2028 de réir forálacha An Acht (Leasú) Pleanáil agus Forbairt 2000 agus é anois ar taispeáint don phobal idir An Luan 6 Nollaig 2021 agus An Chéadaoin 23 Feabhra 2022 (an dá lá san san áireamh).

Sa Dréachtphlean tá Ráiteas Scríofa agus Aguisíní maraon le:

  • Tuairisc Comhshaoil a ullmhaíodh de réir na Rialacháin (Leasú)  Pleanáil agus Forbairt (Measúnú Straitéiseach Comhshaoil) ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh teacht ar an gcomhshaol de dheasca an Dréachtphlean a fheidhmiú de bhun na Rialacháin (Leasú) Pleanáil agus Forbairt (Measúnú Straitéiseach Comhshaoil) 2004
  • Measúnú Oiriúnach Treoir Gnáthóg (Tuairisc Tionchar Natura) de bhun Airteagal 6[3] den Treoir Gnáthóg 92/43/CEE
  • Measúnú Straitéiseach Baol Tuilte  – de bhun Alt  28 (leasú) den Acht Pleanáil agus Forbairt 2000

Sa Dréachtphlean tá moltaí maidir le cur leis an dTaifead Struchtúr Cosanta agus de réir Alt 12 (3) den Acht Pleanála, déanfaidh an tÚdarás Pleanála fógra maidir leis an bhreis atá molta, sonraí san áireamh, a sheirbheáil ar gach éinne atá mar úinéir nó sealbhóir an struchtúr cosanta molta nó an struchtúr molta, mar a tharlaíonn. Sa Dréachtphlean cuimsítear moltaí chun cur leis an Liosta Cearta Slí Poiblí.

Féadfar an Dréachtphlean a fheiscint ar na láithreacha seo a leanas:

1. https://consult.kerrycoco.ie/
2. Trá Lí  Comhairle Contae Chiarraí, Áras an Chontae, Ráth Theas, Trá Lí
  Cill Airne Halla an Bhaile, Cill Airne
  Lios Tuathail Oifig Ceantar Bardasach, Arás an Phiarsaigh, Sráid Shéarlais, Lios Tuathail
  Maidir leis na socruithe dein seiceáil led thoil  ar shuíomh idirlín na Comhairle nó glaoigh ar 066 7183500.
  Ag éirí as na srianta sláinte poiblí atá i bhfeidm faoi láthair de dheasca Covid 19 tá seans nach mbeifear in ann teacht ar a bhfuil sa Dréachtphlean Forbartha ach iad a lorg ar na láithreacha a luaitear anso thuas agus dá réir sin moltar go láidir dul ag plé leis an dtairseach seo comhairliúcháin.

Seimineáir Ghreasáin maidir leis an gComhairliúchán Poiblí

Mar chuid den phróiseas leanúnach comhairliúcháin do Dhréacht-Phlean Forbartha Contae Chiarraí 2022-2028 reáchtáil Comhairle Contae Chiarraí Comhairliúchán Poiblí ar an Déardaoin an 13 Eanáir ó 7pm go 9pm.

Bhí an seimineár gréasáin seo oscailte do chách, agus thug sé forbhreathnú ar Dhréachtphlean Forbartha Contae Chiarraí agus eolas ar conas aighneacht a dhéanamh.

Thaifead Comhairle Contae Chiarraí an seimineár gréasáin seo agus is féidir é a fheiceáil ach cliceáil ar an nasc thíos.

Cliceáil anseo chun Taifeadadh Webinar a fheiceáil 

Aighneachtaí

Próiseas comhoibrithe is ea déanamh an phlean agus táimid ag lorg bhur dtuairimí.

Dá réir sin tá Comhairle Contae Chiarraí  ag iarraidh ar aon pháirtí a chuireann suim ann aighneachtaí nó tuairimí faoi Dhréachtphlean Forbartha Chontae Chiarraí  2022-2028 a sheoladh i scríbhinn nó go leictreonach trín suíomh idirlín seo chuig an Údarás Pleanála idir An Luan 6 Nollaig 2021 agus An Chéadaoin 23  Feabhra 2022 (an dá lá úd san áireamh). 

Aighneacht a dhéanamh

Féadfar aighneachtaí nó tuairimí a chur in iúl:

Ar Líne

Anso i gcruth leictreonach ar an suíomh idirlín tiomanta ag https://consult.kerrycoco.ie/ ach an fheidhm 'Aighneacht a Dhéanamh' a roghnú. 

i Scríbhinn

Scríobh chuig: Damien Ginty, Pleanálaí Sinsear, An tAonad Polasaí Pleanála, Comhairle Contae Chiarraí, Ráth Theas, Trá Lí, Co Chiarraí  V92H7BT. 

Níor mhór aighneachtaí scríofa a mharcáil go soiléir mar ‘DRÉACHTPHLEAN FORBARTHA CHONTAE CHIARRAÍ’.

 

Dein an aighneacht led thoil trí mheán amháin, sin cóip cruaidh nó trín suíomh idirlín.  Ní ghlacfar le haighneachtaí trí r-phost.

Is é an dáta deiridh don ghlacadh le haighneachtaí ná 5.00 pm ar an gCéadaoin 23 Feabhra 2022.

Maidir le haighneacht nó tuairim a sheoladh tabhair aird led thoil ar an méid seo a leanas:

  • MOLTAR GO LÁIDIR AN AIGHNEACHT A DHÉANAMH CHOMH LUATH AGUS IS FÉIDIR.
  • Ní mór aighneachtaí nó codanna d’aighneachtaí a bhaineann leis na Tuairiscí Comhshaoil (Tuairisc Comhshaoil, Tuairisc Tionchar Natura, Measúnú Baol Tuilte) a mharcáil go soiléir leis an dteideal.
  • Ní mór d’ainm agus seoladh teagmhála a lua, léarscáil (nuair is cuí) agus (má bhaineann le hábhar), sonraí aon eagraíocht, grúpa pobail nó comhlacht 7rl. a mbaineann tú leo.
  • Led thoil dein an aighneacht trí mheán amháin i.e. trín dtairseach ar líne nó cóip cruaidh.
  • Beidh na haighneachtaí ar fad mar chuid de thuairisc reachtúil an Phríomhfheidhmeannaigh a chuirfear os comhair baill tofa Chomhairle Contae Chiarraí.
  • Bíodh a fhios agat led thoil go bhfoilseofar gach aighneacht fhaighte de réir riachtanais an Acht (Leasú) Pleanáil agus Forbairt  2000. Dein deimhin de nach mbíonn aon eolas ciapálach, clúmhillteach ná rúnda san aighneacht, cuimseofar eolas rúnda a bhaineann le tríú páirtí (más rud é nár cheadaigh an tríu páirtí go soiléir nó go hintuigthe go bhféadfaí an t-eolas úd a lua). Beidh sé de cheart ag an Údarás Pleanála aighneacht nó cuid éigin d’aighneacht a bhaint amach muna gcloítear leis an riachtanas úd.  Bíodh a fhios agat freisin go bhfoilsítear an aighneacht iomlán.
  • Bíodh a fhios agat freisin go bhfoilseofar ainm(neacha) an duine (na ndaoine) /ghrúpa(aí) a sheol an aighneacht ach go mbainfear sonraí pearsanta. 
  • Tabhair aird led thoil go bhfoilseofar gach aon aighneacht ar líne laistigh de  10 lá tar éis a bhfaighte .
  • NÍ GHLACFAR LE hAIGHNEACHTAÍ  A BHÍONN DÉANACH. 

Beifear in ann cóip cruaidh den Dhréachtphlean [ráiteas scríofa, aguisíni san áireamh, tuairisc comhshaoil agus léarscáileanna] a cheannach ach iad a iarraidh, glaoigh led thoil ar  066 7183500.

Conas an suíomh idirlín a úsáid

Úsáid an clár ar dheis chun an t-imleabhar nó caibidil an phlean atá uait a roghnú. 

Beidh pdf de na caibidil/aguisíní ar fáil faoin gclár ‘Ábhair'. 

Tá leaganacha de na caibidil in Imleabhar 1 ar fáil as Gaeilge faoi ‘Ábhair’'.

Tá físeán gearr curtha le chéile ag Oifigeach Forbartha PPN Chiarraí Caroline Toal, in éineacht le Eamon O’Keeffe, oibrí Tacaíochta PPN agus Catherine White, Ateangaire Teanga Chomharthaíochta ar Conas agus Cén Fáth le haighneacht a dhéanamh do Dhréachtphlean Forbartha Contae Chiarraí 2022-2028.


Conas aighneacht a dhéanamh ar fhíseán

Clár ábhair

Baile
Glac síntiús