Athruithe Ábhartha Beartaithe ar Dréachtphlean Ceantair Áitiúil Cheantar Bardasach Neidín 2023-2029

Dúnta1 Fea, 2024, 8:00am - 1 Már, 2024, 11:59pm

Primary tabs

Athruithe Ábhartha Beartaithe ar

Dréachtphlean Ceantair Áitiúil

Cheantar Bardasach Neidín 2023-2029

Tugtar fógra leis seo, de bhua Alt 20(3)(e) d'Acht um Pleanáil & Forbairt, 2000 (arna leasú), go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Contae Chiarraí athruithe a dhéanamh ar Dréachtphlean Ceantair Áitiúil Cheantar Bardasach Neidín 2023-2029. Ghlacfaí leis na hathruithe beartaithe, má dhéantar iad, mar Athrú Ábhartha ar an Dréachtphlean Ceantair Áitiúil sin.

De réir 20(3)(f) d'Acht um Pleanáil & Forbairt, 2000 (arna leasú), chinn an tÚdarás Pleanála:

  • Go bhfuil gá le Measúnú Straitéiseach Timpeallachta ar cheann amháin nó níos mó de na hathruithe ábhartha beartaithe; agus
  • I ndiaidh Cleachtadh Scagtha Measúnachta ar an Treoir maidir le Gnáthóga a ullmhú, cinneadh nach bhfuil Measúnacht Chuí Chéim II ag teastáil i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na hathruithe ábhartha beartaithe.

Is féidir cóipeanna de na hAthruithe Ábhartha Beartaithe ar Dhréachtphlean Ceantar Áitiúil Cheantar Bardasach Neidín 2023-2029 a scrúdú idir Déardaoin, an 1 Feabhra agus Dé hAoine, an 1 Márta 2024 (an dá dháta sin san áireamh) ag na suíomhanna seo a leanas:   

  • https://consult.kerrycoco.ie/
  • Leabharlann Phoiblí Chathair Saidhbhín, Neidín, Chill Orglan
  • Seomra 13, An Roinn Pleanála, Áras an Chontae, Ráth Teas, Trá Lí

De bhua Airteagal 14G de Rialacháin Phleanála agus Forbartha (Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (SEA)), 2004-2011, beidh faisnéis faoi na héifeachtaí suntasacha is dócha a bheidh ag cur chun feidhme na n-athruithe ábhartha beartaithe ar an timpeallacht ar fáil le scrúdú freisin ag na dátaí agus suíomhanna thuasluaite. Chomh maith leis sin, beidh Aguisín Thuarascáil Tionchair Natura na Treorach maidir le Gnáthóga faoi na hathruithe ábhartha beartaithe ar fáil le scrúdú.

Ní ghlacfar ach le haighneachtaí/breathnóireachtaí i scríbhinn a bhaineann le:

  1. na hAthruithe Ábhartha Beartaithe ar Dhréachtphlean Ceantair Áitiúil Cheantar Bardasach Neidín 2023-2029
  2. faisnéis faoi na héifeachtaí suntasacha is dócha a bheidh ag cur chun feidhme na nAthruithe Ábhartha Beartaithe (Aguisín SEA) ar an timpeallacht agus/nó,
  1. an fhaisnéis atá le fáil in Aguisín Thuarascáil Tionchair Natura;

Is féidir aighneachtaí a chur isteach ar na bealaí seo a leanas:

Ar Líne

Anso i gcruth leictreonach ar an suíomh idirlín tiomanta ag https://consult.kerrycoco.ie/ ach an fheidhm 'Aighneacht a Dhéanamh' a roghnú. 

I scríbhinn

I scríbhinn chuig: An Pleanálaí Sinsearach, An tAonad Pleanála Beartas, An Roinn Pleanála, Comhairle Contae Chiarraí, Áras an Chontae, Ráth Teas, Trá Lí, Co. Chiarraí, V92 H7VT agus scríobh ‘Dréachtphlean Ceantair Áitiúil Cheantar Bardasach Neidín’ ar an gclúdach litreach

agus ba cheart uimhir thagartha an leasaithe ábhartha a lua freisin.

Glacfar le haighneachtaí/breathnóireachtaí go dtí Dé hAoine, an 1 Márta 2023.

  • Seol aighneacht ar aghaidh ar bhealach amháin, i.e. ar an tairseach ar líne nó i bhfoirm cóip chrua.
  • Ní ghlacfar le haighneachtaí trí r-phost.
  • Ba cheart na sonraí seo a leanas a sholáthar i dteannta le gach aighneacht - d’ainm agus seoladh teagmhála, léarscáil (más cuí) agus, más cuí, sonraí maidir le haon eagraíocht, grúpa pobail nó cuideachta etc., a bhfuil ionadaíocht á déanamh agat dó/di.
  • Ba cheart aighneachtaí nó gnéithe d'aighneachtaí a bhaineann le Tuarascálacha Timpeallachta (Aguisín SEA & Aguisín Thuarascáil Tionchair Natura) a mharcáil go soiléir.
  • Tabhair faoi deara go bhfoilseofar gach aighneacht ar líne laistigh de 10 lá oibre i ndiaidh iad a fháil, i dteannta le d'ainm de réir Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú).
  • Ná cuir aon fhaisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ar fáil sna haighneachtaí.
  • NÍ GHLACFAR LE hAIGHNEACHTAÍ  A BHÍONN DÉANACH.

De réir Alt 20(3)(j)(ii) d'Acht um Pleanáil & Forbairt, 2000 (arna leasú) agus Airteagal 14G de Rialacháin um Phleanáil & Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004-2011, cuirfear san áireamh aighneachtaí/breathnóireachtaí i scríbhinn curtha faoi bhráid an Údaráis Pleanála laistigh den tréimhse shonraithe agus i ndáil leis na hathruithe beartaithe agus/nó faisnéis maidir leis na héifeachtaí is dócha a bheidh acu ar an timpeallacht nó ar láithreáin Natura 2000, sula ndéanfar aon Athrú Ábhartha.

Conas an suíomh idirlín a úsáid

Faoin roghchlár 'Ábhair' ar thaobh na láimhe deise den leathanach seo, is féidir na hAthruithe Ábhartha Beartaithe agus na tuarascálacha gaolmhara a fheiceáil/a íoslódáil.

léarscáil idirghníomhach ar fáil do Dhréacht-Phlean Ceantair Áitiúil Cheantar Bardasach an Neidín 2023-209 mar ar féidir féachaint ar ar gach léarscáil chriosaithe, lena n-áirítear na hAthruithe Ábhartha atá Beartaithe.

Tá Dréachtphlean Ceantair Áitiúil Cheantar Bardasach an Neidín 2023-2029 le fáil anseo.