Chapter 8: Gaeltacht Areas, Culture & Heritage

Uimhir Thagarta Uathúil: 
KE-C1-80
Stádas: 
Submitted
Aighneacht: 
Údar: 
Kerry IFA

Chapter 8: Gaeltacht Areas, Culture & Heritage

Creidimid go láidir gur ceart daonna bunúsach é go mbeadh cead ag muintir na Gaeltachta agus ag a gclann lonnú ar an bpaiste dúchais más sin é a mian agus má tá a n-iarratas lonnaíochta ag cloí le dea-chleachtas pleanála. 

I gcaibidil a 8 (8.1.3 Caomhnú na Gaeilge) sa Dréachtphlean Forbartha Contae 2022-2028, tá sé le rá ag Comhairle Chontae Chiarraí gurb iad na príomh chúinsí atá le cur san áireamh i gcaomhnú na Gaolainne ná cúinsí deimeagrafacha, eacnamaíochta, áiseanna agus bonn eagar. Is í ár dtuairim ná go bhfuil an chairt á cur roimis an asail anseo. Gan muintir na Gaeltachta lonnaithe sa Ghaeltacht, ní bheidh aon teanga le caomhnú agus ní fiú bheith ag caint ar chúinsí deimeagrafacha, eacnamaíochta, áiseanna agus bonn eagar- beag beann ar dhea thoil na Comhairle i leith na teangan nó ar sholáthar seirbhíse ón gComhairle.  

Is ins an chead lonnaíochta atá croí na ceiste. Eascraíonn an uile ní ina dhiaidh sin as an gceist seo.      

I gcuid 8.2 den nDréachtphlean dírithe ar ‘Chultúr’ tá sé le rá go bhfuil saibhreas cultúrtha an chontae seo le feiscint i mórán gnéithe de shaol na Gaeltachta agus gur féidir “..in addition, the rich cultural tapestry can be seen in the people and communities”.. Arís, gan muintir na Gaeltachta le cead lonnaithe sa Ghaeltacht, ní bheidh daoine ná pobal beo bríomhar ins an Ghaeltacht féin. 

Thar nais go dtí caibidil a 8 (8.1.3 Caomhnú na Gaeilge), agus tá sé le rá go bhfuil Comhairle Chontae Chiarraí ag freastal ar dhaoine le riachtanas inghinte agus eacnamúil maireachtaint faoin dtuath sa Ghaeltacht. Tugann an Chomhairle figiúirí (71.4%) maidir le tithe aonair faoin dtuath a ceadaíodh sna ceantair Ghaeltachta i gCorca Dhuibhne agus in Uibh Ráthach le sé bliana anuas ach ní deintear aon tagairt dos na hiarratais réamhphleanála nár chuaigh chomh fada leis an bpróiséas pleanála in aon chor. 

Is teaghlaigh feirmeoireachta cuid mhaith acu seo a thiteann ar an gcéad chlaí agus nach n’éiríonn leo dul tharais an chruinnithe réamhphleanála sna ceantair Ghaeltachta. Daoine iad seo a bhfuil a saol agus saol a muintire rompu tugtha acu mar chaomhnóirí ní hamháin ar theanga na muintire ach ar shlí bheatha na muintire a d’imigh rompu chomh maith.  

Dála gach ceantar tuaithe eile in Éirinn, tá dúshláin ag baint leis an gcéad ghlúin eile a mhealladh chun na feirmeoireachta. Tá guagacht ag baint lena ndearcadh agus lena meon aigne i leith na ceirde. De bharr teacht isteach íseal, ardú i gcostaisí agus méadú ar an maorlathas, ní thógann sé puinn chun lag-mhisneach a chur ar an bhfeirmeoir- caomhnóirí na tuaithe, na teangan is na timpeallachta anois níos mó ná riamh. Ainneoin sin, tá cuid den gcéad ghlúin eile toilteanach tabhairt faoin obair... ach caithfear an tslí a réiteach dóibh. Gan iad, ní bheidh Gaeltacht, Gaeilge ná pobal agat.