Uimhir Thagarta Uathúil: 
KE-C1-131
Stádas: 
Submitted
Údar: 
Tobar Dhuibhne - Plean Teanga Chiarraí Thiar

Chapter 5: Rural Housing

Sa chaibidil seo, níl aon tagairt don nGaelainn, don nGaeltacht, ná do mheasúnú tionchar teanga sna Ceantair Ghaeltachta mar fhís do Thithíocht na Tuaithe. Is fadhb ana mhór í sin. 

Fé mar atá molta sa Tuairisc ar Pholasaithe Phleanáil na Tithíochta i gCeantracha na Gaeltachta (Pleanálaithe Doyle Kent, 2020. - fé iamh), bheadh sé cuí polasaí fé leith a dhréachtadh do mhuintir na Gaeltachta a labhrann an Ghaelainn gach lá. Tá moltaí déanta ag meithil cosúil le Todhchaí na Tuaithe agus Conradh na Gaeilge ar pholasaithe tithíochta do cheantracha Gaeltachta. Molaim don gComhairle tosaíocht sa tslí san a thabhairt d'iarrthóirí cead pleanála sa Ghaeltacht, agus ceisteanna sonracha mar a bhaineann sé le nósmhaireacht agus úsáid teangan a chur ar gach foirm iarratais. 

Toisc an brú atá ar an nGaeltacht agus ar mhuintir na Gaeltachta maireachtaint i bpobal Gaeltachta, ba chóir don gComhairle eisceachtaí a bhronnadh ar lucht labhartha na Gaelainne ón maorlathas pleanála sa tslí san, ar leas an phobail agus ar leas na teangan ar bonn Chontae. Fé mar atá aitheanta i Léarscáil 5.2, is tithe saoire iad níosa mhó ná 50% des na tithe i nGaeltacht Catagóir A (Dún Chaoin, An Fheothanach, Baile an Fheirtéaraigh - Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, 2007 [uas. 2015]). Deineann san díobhál ana mhór don bpobal agus don dteanga. Ní chabhróidh KCDP 5-21 mar ghníomh in aon chor leis an bhfadhb seo, mar go bhfuil an díobhál cheanna féinig déanta, agus deacrachtaí móra ag daoine teacht ar aon saghas lóistín (tigh a thógaint, tigh a fháilt ar chíos, srl.) sna dúthaigh seo. Tá béim ana mhór ar an dtírdhreacht sa Dréachtphlean, gan meas cuí tugtha don dtimpeallacht teanga sa chás seo, ná do phobaltheanga na háite a chintíonn gur áit a labhartar agus a cloistear an Ghaelainn í Gaeltacht Chorca Dhuibhne.  

Is é an sprioc leis an bpleanáil teanga ná líon na gcainteoirí Gaelainne a ardú - bíodh sé sin mar theanga an tí agus teanga an phobail maraon.  Is obair in aisce na pleananna teanga a fheidhmniú muna féidir le daoine a labhrann an Ghaelainn gach lá maireachtaint sa cheantar Gaeltachta san - bíodh san tríd tigh a thógaint sa cheantar Gaeltachta gurb as iad nó lonnú ann slí eile.