Pleanáil Teanga - Gaeltacht Chorca Dhuibhne

Uimhir Thagarta Uathúil: 
KE-C1-131
Stádas: 
Submitted
Údar: 
Tobar Dhuibhne - Plean Teanga Chiarraí Thiar
Líon na ndoiciméad faoi cheangal: 
1
Teorainneacha Gafa ar an léarscáil: 
Údar: 
Tobar Dhuibhne - Plean Teanga Chiarraí Thiar

Litir Chumhdaigh

Is aighneacht í seo ó Thobar Dhuibhne, Plean Teanga Chiarraí Thiar (2018 - 2025).

Tugadh bonn reachtúil do Phlean Teanga Chiarraí Thiar le hAcht na Gaeltachta, 2012. Sprioc an Phlean is ea ardú a dhéanamh ar líon agus ar dhlús na gcainteoirí Gaelainne i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, Limistéar Pleanála Teanga Chiarraí Thiar.

Tuairimí

Chapter 5: Rural Housing

Sa chaibidil seo, níl aon tagairt don nGaelainn, don nGaeltacht, ná do mheasúnú tionchar teanga sna Ceantair Ghaeltachta mar fhís do Thithíocht na Tuaithe. Is fadhb ana mhór í sin. 

Fé mar atá molta sa Tuairisc ar Pholasaithe Phleanáil na Tithíochta i gCeantracha na Gaeltachta (Pleanálaithe Doyle Kent, 2020. - fé iamh), bheadh sé cuí polasaí fé leith a dhréachtadh do mhuintir na Gaeltachta a labhrann an Ghaelainn gach lá. Tá moltaí déanta ag meithil cosúil le Todhchaí na Tuaithe agus Conradh na Gaeilge ar pholasaithe tithíochta do cheantracha Gaeltachta. Molaim don gComhairle tosaíocht sa tslí san a thabhairt d'iarrthóirí cead pleanála sa Ghaeltacht, agus ceisteanna sonracha mar a bhaineann sé le nósmhaireacht agus úsáid teangan a chur ar gach foirm iarratais. 

Toisc an brú atá ar an nGaeltacht agus ar mhuintir na Gaeltachta maireachtaint i bpobal Gaeltachta, ba chóir don gComhairle eisceachtaí a bhronnadh ar lucht labhartha na Gaelainne ón maorlathas pleanála sa tslí san, ar leas an phobail agus ar leas na teangan ar bonn Chontae. Fé mar atá aitheanta i Léarscáil 5.2, is tithe saoire iad níosa mhó ná 50% des na tithe i nGaeltacht Catagóir A (Dún Chaoin, An Fheothanach, Baile an Fheirtéaraigh - Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, 2007 [uas. 2015]). Deineann san díobhál ana mhór don bpobal agus don dteanga. Ní chabhróidh KCDP 5-21 mar ghníomh in aon chor leis an bhfadhb seo, mar go bhfuil an díobhál cheanna féinig déanta, agus deacrachtaí móra ag daoine teacht ar aon saghas lóistín (tigh a thógaint, tigh a fháilt ar chíos, srl.) sna dúthaigh seo. Tá béim ana mhór ar an dtírdhreacht sa Dréachtphlean, gan meas cuí tugtha don dtimpeallacht teanga sa chás seo, ná do phobaltheanga na háite a chintíonn gur áit a labhartar agus a cloistear an Ghaelainn í Gaeltacht Chorca Dhuibhne.  

Is é an sprioc leis an bpleanáil teanga ná líon na gcainteoirí Gaelainne a ardú - bíodh sé sin mar theanga an tí agus teanga an phobail maraon.  Is obair in aisce na pleananna teanga a fheidhmniú muna féidir le daoine a labhrann an Ghaelainn gach lá maireachtaint sa cheantar Gaeltachta san - bíodh san tríd tigh a thógaint sa cheantar Gaeltachta gurb as iad nó lonnú ann slí eile. 

Chapter 6: Sustainable Communities

Ní raibh aon tagairt do theanga na bpobal Gaeltachta, don nGaelainn, ná don nGaeltacht sa chaibidil seo. Creidimid go bhfuil sé fíorthábhachtach aitheantas a thabhairt dos na saghasanna difriúla pobail atá ann sa Chontae sa chaibidil seo.

 

 

Chapter 7: Housing for All

Tá céatadán ana ard don gContae lonnaithe i gCeantar Gaeltachta, agus is mór an méid daoine a labhrann an teanga gach lá sa Chontae, go háirithe sna Ceantair Ghaeltachta - Gaeltacht Chorca Dhuibhne (LPT Chiarraí Thiar) agus Uíbh Ráthach (LPT Chiarraí Theas). 

Chuige sin, tá sé tábhachtach go mbeadh rannóg ann sa chaibidil seo a dhíríonn ar na polasaithe atá ag an gComhairle do thithe i gCeantracha Gaeltachta, ag féachaint go sonrach ar:
1) pholasaithe agus dualgaisí na Comhairle féin ar chaomhnú agus cur chun cinn na Gaeltachta agus na Gaelainne; agus
2) riachtannaisí an duine aonair agus na pobail Ghaeltachta chun tithíocht a bheith acu (dóibh féin agus do labhairt na teanga, spriocanna a thacódh leis na Pleananna Teanga, agus le rannóg 1.9.3.6 sa Dréachtphlean seo, an Polasaí Náisiúnta, Stráitéis 20 Bliain don nGaeilge).

Teastaíonn ón gComhairle "go mbeidh teacht ag gach éinne sa chontae ar thigh le ceannach nó a fhail ar cíos, ar chaighdeán ard tógála ar an láthair atá uathu", ach ní hamhlaidh an cás fé láthair in LPT Chiarraí Thiar, le géarchéim shoiléir thithíochta ann. Mar sin, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh tagairtí ann don nGaeltacht agus don dteanga sa chaibidil seo, idir eolas fés na measúnaithe tionchar teanga agus na hiarrachtaí atá á dhéanamh ag an gComhairle tacú leis na Pleananna Teanga.

Mar a bhaineann sé le 7.10. ba chóir go mbeadh plean gnímh curtha ar bun ag an gComhairle chun déileáil le tithe folmha agus leithéidí AirB&B sa cheantar. Is cur chuige iomlánach atá ag teastáilt mar gheall air seo, mar atá scríte, agus muna gcuirtear an teanga sa Ghaeltacht in áireamh i gcinntí, ní cur chuige iomlánach in aon chor a bheidh ann. 

Aontaíodh bearta a bhaineann le tithíocht agus forbairt fhisiciúil i bPlean Teanga Chiarraí thiar (2018 - 2025) agus Roinn na Gaeltachta thar cheann an Stáit. Ceangailte leis seo tá na bearta mar a bhaineann siad leis an gComhairle:
Beart 6.11.1 Clásail teanga d’Eastáit Tithíochta Príobháideacha agus Sóisialta sa Ghaeltacht

  • Fiosraímid dualgas reachtúil an rialtais áitiúil (ag eascairt as Acht Tithíochta ,1988 Cuid 11 Mír 2a) maidir le clásail teanga a cheangailt le tithíocht shóisialta sa Ghaeltacht. Chiallódh dualgas mar seo go dtabharfaí tús áite, i dtithíocht shóisialta a thógfar amach anseo, do lucht labhartha na Gaeilge i dtaca le céatadán áirithe den tithíocht seo. Bheadh an céatadán tithíochta a bheadh curtha ar leataobh do chainteoirí Gaeilge ag teacht leis an gcéatadán de chainteoirí laethúla atá sa cheantar de réir fhigiúirí an Daonáirimh.
    • B'fhiú go gcuirfí cumas teangan na n-iarrthóirí san áireamh sna cúinsí seo. Bheadh seo ag tacú le pointe KCDP 7-9 ón gComhairle féin (thíos) go mbeadh meascán de thithíocht shóisialta á cur ar fáil acu, agus thabharfadh san aitheanas do dhualgaisí an Chomhairle cearta teangan muintir na Gaeltachta a ráthú chomh maith céanna. 
      • KCDP 7-9 Iomlánú tithíocht shóisialta a chur chun cinn agus meascán a chinntiú laistigh d’fhorbairtí chun sochaí cothrom agus imeasctha a spreagadh
  • Fiosraímid an bhféadfaí coinníoll Gaeilge a cheangal le post an Oifigigh Phleanála a bhíonn ag obair le muintir na Gaeltachta ó thaobh na pleanála de. Muna bhfuil tuiscint ag an té a dheineann na cinntí seo ar an ndíobháil sochtheangeolaíocha a bheadh á dhéanamh i nganfhios acu, bheadh feall ana mhór déanta ar an nGaeltacht, ar an nGaelainn agus ar lucht a labhartha. 
  • Molaimid go láidir go mbeidh ceist bhreise faoi chumas sa Ghaeilge curtha sa phróiseas iarratais do thigh aonair nua sa Ghaeltacht, ag cinntiú go mbeadh sé níos fusa do chainteoirí laethúla Gaeilge cead pleanála a fháil sa Ghaeltacht, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta is láidre – Cat A.

Tá na bearta thuas réamh-aontaithe leis an Roinn agus leis an Stát tríd Acht na Gaeltachta, 2012 agus an Próiséas Pleanála Teanga, mar sin bheimíst ag súil go gcomhlíonfaí na moltaí thuas agus go gcífí i bPlean Forbartha an Chontae iad nuair a bheidh sé dréachtaithe.

 

Chapter 8: Gaeltacht Areas, Culture & Heritage

  • "KCDP 8-6 Éascú agus tacú le Tobar Dhuibhne (2017), Plean Teanga Daingean Uí Chúis agus Plean Teanga Chiarraí Theas (2019)."

Cuireann Tobar Dhuibhne, Plean Teanga Chiarraí Thiar, fáilte i bprionsabal roimis an moladh seo, ach go mbeadh sé leasaithe leis an bhfoclaíocht a leanas, nó a mhacasamhail:

"KCDP 8-6 Éascú agus tacú le Pleananna Teanga an Chontae: Tobar Dhuibhne - Plean Teanga Chiarraí Thiar (2018), Dúchas an Daingin - Plean Teanga do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Daingean Uí Chúis agus Brí Uíbh Ráthaigh - Plean Teanga Chiarraí Theas (2019), go háirithe leis an sprioc atá acu líon na gcainteoirí laethúla Gaelainne a ardú go fadtéarmach sna Ceantair Ghaeltachta."

Mar atá raite sa cháipéis in 8.1, ní mór gach aon iarracht a dhéanamh ar thraidisiún na Gaeltachta, agus labhairt laethúil na Gaelainne sna ceantair Ghaeltachta a chosaint, a choiméad beo agus a chur chun cinn trí pholasaithe réamhghníomhacha uileghabhálacha ó Chomhairle Contae Chiarraí.  

Luaitear chomh maith go bhfuil daonra na gceantar Gaeltachta méadaithe, ach san abairt chéanna ba chóir go mbeadh aitheantas ann go bhfuil líon na gcainteoirí laethúla Gaelainne titithe (rud atá léirithe in 8.1.2), agus gur fadhb ana mhór í an treocht seo d'inmharthanacht na teangan. Is dúshlán ana mhór í seo dos na pobail Ghaeltachta, don bpleanáil teanga, do Chomhairle Contae Chiarraí, agus don gContae tré chéile. 

Suímh a bhaineann leis an aighneacht seo agus le tuairimí

Faisnéis

Uimhir Thagarta Uathúil: 
KE-C1-131
Stádas: 
Submitted
Líon na ndoiciméad faoi cheangal: 
1
Teorainneacha Gafa ar an léarscáil: