Pleanáil Teanga - Gaeltacht Chorca Dhuibhne

Uimhir Thagarta Uathúil: 
KE-C1-355
Stádas: 
Submitted
Údar: 
Dúchas an Daingin
Líon na ndoiciméad faoi cheangal: 
0
Teorainneacha Gafa ar an léarscáil: 
Níl
Údar: 
Dúchas an Daingin

Tuairimí

Chapter 5: Rural Housing

Fé láthair tá trí Phlean Teanga á fheidhmniú i gCiarraí, is iad san; Tobar Dhuibhne, Plean Teanga Chiarraí Thiar; Brí Úibh Ráthaigh, Plean Teanga Chiarraí Theas agus Dúchas an Daingin, Plean Teanga Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Dhaingean Uí Chúis.

Níl aon tagairt don nGaelainn ná don nGaeltacht sa chaibidil seo.  Baineann cúrsaí teanga leis na haon ghné de saol, ní hamháin an chaibidil fé'n nGaeltacht. Mar sin cheart tagairt sonrach a dhéanamh don nGaelainn agus don nGaeltacht sa chaibidil seo.

Is í an aidhm atá leis an bPleanáil Teanga ná cur le líon na gcainteoirí laethúla Gaelainne sa Ghaeltacht. Tá sé deachair an sprioc seo a baint amach muna bhfuil ar chumas muintir na Gaeltachta agus cainteoirí laethúla Gaelainne cur futhu go buan ina mbailte agus ina gceantair Gaeltachta féin.

Molaimid don gComhairle polasaí ar leith a dhréachta do chursaí tithíochta i gceantracha Gaeltachta fé 5.5, agus go dtabharfaí tús áite do chainteoirí Gaelainne agus iad ag iarraidh tithe a thógaint/a cheannach sa Ghaeltacht.

Molaimid don gComhairle ceist sonrach fé chumas, úsáid agus nosmhaireacht teanga a chur leis an bhfoirm iarratas ar chead phleanála, agus tús áite a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus iarratas á dhéanamh acu ar chead phleanála.

Molaimid na leasaithe seo a leanus don bhfoclaíocht;

5.5 (lch 79.)

(a) A chinntiú go mbíonn gá fírinneach eacnamaíoch nó sóisialta nó teangeolaíoch leis an áitreabh buan

(e) Tús áite a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta tithe a thógaint sa Ghaeltacht.

KCDP 5-12 :

I gCeantair Thuaithe atá faoi Thionchar Suntasach Uirbeach caithfidh iarrthóirí an tÚdarás Pleanála a shásamh go gciallaíonn an moladh atá go bhfuil gá eisceachtúil tithíocht thuaithe acu bunaithe ar naisc shóisialta agus/nó eacnamaíoch agus/nó Teangeolaíoch  le ceantar áirithe

(f) Daoine a tógadh le Gaelainn nó a chuireann le saol na Gaeltachta nó atá ag tógaint a clann le Gaelainn

KCDP 5-13: I gCeantair Thuaithe atá faoi Thionchar Suntasach Uirbeach caithfidh iarrthóirí an tÚdarás Pleanála a shásamh go gciallaíonn an moladh go bhfuil gá eisceachtúil tithíocht thuaithe acu bunaithe ar naisc shóisialta agus/nó eacnamaíoch agus/nó Teangeolaíoch le ceantar áirithe

(f) Daoine a tógadh le Gaelainn nó a chuireann le saol na Gaeltachta nó atá ag tógaint a clann le Gaelainn

5.5.2.1 KCDP 5-21: A chinntiú go gcuireann aon fhorbairt chónaithe a deintear sa Ghaeltacht le cur chun chinn na teanga mar theanga laethúil na Gaeltachta.

Chapter 6: Sustainable Communities

Níl aon tagairt don nGaelainn ná don nGaeltacht sa Chaibidil seo. Tá sé ana thabhachtach go mbeadh An Ghaeltacht agus An Teanga i lár aon chomhrá fé Phobail Inmharthana.

Caithfear tacú le pobal na Gaeltachta agus na Gaelainne cur fúthu go buan sa Ghaeltacht, rud a chinnteoidh Pobail Inmharthana Gaeltachta.

Molaimid don gComhairle polasaí ar leith a dhréachtadh fé'n gcaibidil seo le dul i ngleic ar na fadhbanna a bhaineann le pobal inmharthana a chinntiú sa Ghaeltacht.

Chapter 4: Towns & Villages

Ábhair: 

Níl aon tagairt déanta sa chaibidil seo fé'n nGaeltacht ná an Ghaelainn.

Tá Pleananna Teanga anois á fheidhmniú i gCiarraí Thiar, i gCiarraí Theas, i nDaingean Uí Chúis agus Plean réitithe do Bhaile Thrá Lí agus ceann á réiteach do Chathair Saidhbhín.

Tá sé tabhachtach go mbeadh cur chun cinn na Teanga agus na Gaeltachta san áireamh agus todhchaí Bailte agus Sráidbhailte á phlé. 

Chapter 8: Gaeltacht Areas, Culture & Heritage

Tá sé ana thabhachtach go mbeadh polasaithe láidir ag Comhairle Contae Chiarraí i leith na Gaelainne agus na Gaeltachta .

Molaimid go mbeadh béim níos láidre ag an gComhairle ar úsáid na teanga mar ghnáth theanga phobail sna ceantracha Gaeltachta.

Molaimid an leasú seo a leanas don mbeart sonraithe;

KCDP 8-6 Éascú agus tacú le Tobar Dhuibhne - Plean Teanga Chiarraí Thiar, Dúchas an Daingin - Plean Teanga do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Dhaingean Uí Chúis agus Brí Úibh Ráthaigh - Plean Teanga Chiarraí Theas an sprioc atá acu líon na gcainteoirí laethúla Gaelainne a ardach a bhaint amach."

Molaimid go mbeadh an Ghaelainn agus an Ghaeltacht luaite sna caibidil eile sa phlean agus polasaithe ar leith leagtha amach ionas gur féidir na haon iarracht a dhéanamh an teanga a chosaint, a chaomhnú agus chur chun cinn, mar ghnáth theanga phobail. 

Caithfear a chinntiú go bhfuil polasaithe láidir ó thaobh cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, ionas gur féidir a chinntiú go mbeidh An Ghaeltacht agus An Ghaelainn fós beo i gCiarraí don gcéad glúin eile.

Faisnéis

Uimhir Thagarta Uathúil: 
KE-C1-355
Stádas: 
Submitted
Líon na ndoiciméad faoi cheangal: 
0
Teorainneacha Gafa ar an léarscáil: 
Níl