Cuid 8: Pleananna Feabhsaithe an Fhearainn Phoiblí i gCathair Saidhbhín.

Dúnta29 Sam, 2023, 09:00 - 17 Ean, 2024, 16:00

Primary tabs

COMHAIRLE CONTAE CHIARRAÍ

AN tACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000 (ARNA LEASÚ)
NA RIALACHÁIN UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2001 (ARNA LEASÚ)

COMHAIRLIÚCHÁN PHOIBLÍ

Pleananna Feabhsaithe an Fhearainn Phoiblí i gCathair Saidhbhín.

Fógra Poiblí i gComhlíonadh Chuid XI den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) mar atá leagtha
síos i gCuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú).
De bhun riachtanais an mhéid thuas, tugtar fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe
Suíomh/Baile fearainn nó seoladh poist don bhforbairt atá molta
Suíomh: Lár Baile Chathair Saidhbhín
Baile Fearainn: Cathair Saidhbhín

Sonraí faoin Obair atá molta

Tá pleananna ullmhaithe ag Comhairle Contae Chiarraí chun “Daniel O’Connell Quarter” a bhunú, plean
bainistíochta gluaiseachta a fhorbairt agus feabhas a chur ar an bhfearann poiblí i lár an bhaile, ar Fhaiche
an Aonaigh agus ar an gCladach. Is iad seo a leanas na príomh-athruithe atá á dtabhairt isteach:
• An ceantar mórthimpeall ar Fhaiche an Aonaigh a fheabhsú agus córas aontreo a thabhairt isteach idir an
Leabharlann agus Teach an Mhargaidh a chruthóidh nascacht níos fearr.
• Suíomh forbartha/taitneamhachta nua molta cois Cladaigh.
• Clárchosán nua molta
Tá sé mar chonclúid ag Comhairle Contae Chiarraí mar Údarás Inniúil nach bhfuil Measúnú Cuí (MC) nó Measúnacht Tionchair Timpeallachta (MTT) ag teastáil don tionscadal atá molta - ina aonar nó i gcomhcheangal le pleananna agus tionscadail eile - agus nach dócha go mbeidh. éifeachtaí suntasacha ar an gcomhshaol.
De bhun Airteagal 120(3)(b) féadfaidh duine den phobal, tráth ar bith roimh dheireadh tréimhse 4 seachtaine ag tosú ar dháta foilsithe an fhógra seo, cinneadh scagtha EIA a lorg ón mBord Pleanála i dtaobh an mbeidh nó nach mbeidh tionchar suntasach ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol.

 

Beidh Pleananna agus Sonraí na n-oibreacha beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh nó lena gceannach, ar tháille shonraithe a íoc nach mó ná an costas réasúnach chun cóip den sórt sin a dhéanamh, le linn gnáthuaireanta oifige ó Dé Céadaoin, 29 Samhain 2023 go dtí Dé Céadaoin, 17 Eanáir 2024 ag na suíomhanna seo a leanas;
  • Comhairle Contae Chiarraí, Oifig Ceantair Chathair Saidhbhín, Teach na Cúirte, Cathair Saidhbhín.
  • Comhairle Contae Chiarraí, Leabharlann Chathair Saidhbhín, Sráid an Mhargaidh Nua, Cathair
  • Saidhbhín.
  •  Comhairle Contae Chiarraí, Bóithre agus Iompar, Seomra 115, Áras an Chontae, Ráth Teas, Trá Lí,
  • Co. Chiarraí
  • Suíomh Idirlín Chomhairle Contae Chiarraí www.ciarrai.ie nó consult.kerrycoco.ie 
Beidh comhairleoir ar fáil chun na pleananna a mhíniú – déan teagmháil le do thoil le hOifig Ceantair Chathair Saidhbhín ar (066) 9472143

Féadfar Aighneachtaí agus Tuairimí maidir leis an bhforbairt bheartaithe, a Déileálann le PLEANÁIL CHUÍ AGUS FORBAIRT INBHUANAITHE san áit a mbeidh an fhorbairt suite, a dhéanamh i scríbhinn agus iad a bheith marcáilte go soiléir.
Cuid 8 – Pleananna Feabhsaithe an Fhearainn Phoiblí i gCathair Saidhbhín.
Chuig: Oifigeach Riaracháin, An tAonad Forbartha Caipitil, Comhairle Contae Chiarraí, Aonad 20/21, The Reeks, Cill Airne, Co.Chiarraí. V93C3WH

Ríomhphost chuig: cdusouth@kerrycoco.ie

Is féidir le húsáideoirí cláraithe aighneachtaí a dhéanamh ar Ardán Comhairliúcháin Chomhairle Contae Chiarraí https://consult.kerrycoco.ie/

Agus ní mór é a bheith faighte faoi 4.00 in Dé Céadaoin, 17 Eanáir 2024.


Bailíonn Comhairle Contae Chiarraí eolas pearsanta chun d’iarratas/fhiosrúchán a phróiseáil. Is féidir le Comhairle Contae Chiarraí an fhaisnéis seo a phróiseáil go dleathach de réir mar is gá chun a dualgais reachtúla/dlíthiúla a chomhlíonadh. Próiseálfar faisnéis den sórt sin i gcomhréir le ráiteas príobháideachais na Comhairle atá ar fáil ag www.kerrycoco.ie.

File is downloading...